Saturday, February 11, 2012

rugbaí: an toradh is fearr i bPáras le dhá bhliain déag anuas!!!!

Níor chaill foireann na hÉireann an cluiche...




...cuireadh ar athló é.

6 comments:

  1. Má tá tú sásta, tá mé sásta (cé nach bhfuil a fhios agam céard a tharla).

    ReplyDelete
  2. Bhí cluiche rugbaí le bheith ann idir fhoirne na hÉireann agus na Fraince ach bhí an talamh reoite agus cuireadh an cluiche ar atráth.

    Níor rug foireann na hÉireann an bua leo i bPáras le dhá bhliain déag anuas - imríonn Éireann gach re bliain ann mar chuid de Chraobh na Sé Máisiún - agus, bíodh nach raibh aon duine sásta nach ndeachaigh an cluiche ar aghaidh is féidir a rá, ar a laghad, nár chailleamar an cluiche!

    Dála an scéil, i gcaitheamh na tréimhse céanna níor chaill an Fhrainc ach 5 chluiche as 31 i bPáras sna Sé Náisiún (An Bhreatain Bheag 2, Sasana 2, Éireann 1, Albain 0, An Iodáil 0).

    Is geall le daingean Stade de France - cé nach bhfuil córas téite faoi ithir ann.

    ReplyDelete
  3. ASG! Níor smaoinigh mé ar an 'bhfíric' sin.

    ReplyDelete
  4. Ar an oíche chéanna cuireadh Áth Cliath i gcoinne Maigh Eo ar athló ag leatham. Bhí ceo ann go tobann agus ní raibh duine in ann rud ar bith a fheiceáil.

    ReplyDelete
  5. Agus rinne said amhlaidh an dara huair, freisin..;-)

    ReplyDelete