Tuesday, June 26, 2012

an tost fada...

Ní raibh mé ró-ghníomhach i dtaobh mo bhlaig i gcaitheamh na bliana atá thart ach - ná bíodh imní ar éinne - ní comhartha sin go bhfuil mo racht Ghaelainne ídithe nó rud dá leithéid. A mhalairt ar fad atá fíor.

Mar chleachtadh teanga agus d'fhonn teacht i dtaithí beagán ar phróiseas an aistriúcháin thosaigh mé ag aistriú téacsanna liteartha go Gaelainn. Ar dtús chuaigh mé i mbun téacsanna le scríbhneoirí Gearmánacha, nó le scríbhneoirí a raibh an Ghearmáinis mar theanga dhúchasach acu, a aistriú. Sleachta as An Claochlú le Franz Kafka nó An Pótaire le Josef Roth, mar shampla. (Uaillmhianach, nach ea?!!!)

Ach ós rud é go bhfuil na saothair siúd ar fáil i mBéarla, rith sé liom go bhféadfainn ní ba mhó sásaimh a bhaint as téacs a aistriú nach bhfuil ar fáil i mBéarla mar sa chás sin is amhlaidh go mba mhó an spéis a bheadh ag an léitheoir in ábhar féin an leabhair ná i saibhreas na teanga a úsáidtear ann.

I ndiaidh dom taighde a dhéanamh ar an idirlíon tháinig mé ar alt in irisleabhar liteartha mór-le-rá a raibh liosta de leabhair ann ar chóir dóibh - de réir bharúil an iriseora - a bheith ar fáil i mBéarla - ach nach bhfuil. Ar cheann de na leabhair a bhí liostaithe ann bhí leabhar amháin le húdar Gearmánach.

D'ordaigh mé an leabhar céanna sa siopa leabhar áitiúil an lá arna mhárach agus ó shin i leith is é an príomhchaitheamh aimsire agam ná a bheith do mo chéasadh leis an saothar mallaithe seo gach lá le ceithre chéad lá anuas, geall leis.

Tá an leagan garbhtheilgthe críochnaithe agam le tamall anuas agus faoi láthair táim i mbun an t-athchóiriú a dhéanamh - rud a bhfuil gá nach beag leis!

Tuilleadh ar ball...

7 comments:

  1. Bullaí fir! Súil agam go n-aimseoidh tú eagarthóir agus foilsitheoir.

    ReplyDelete
  2. @ Dennis

    Is úrscéal é den seánra a dtugtar an réalachas fantaiseach nó draíochta air.

    ReplyDelete
  3. Go n-éirí go geal leat, a chara!

    ReplyDelete
  4. réalachas fantaiseach nó draíochta air

    Tá plota ann mar sin, agus eachtraí?

    ReplyDelete
  5. @ Áine

    GRMA, a Áine.

    @ Dennis

    Tá ceachtar den dá rud ann, a Dennis.

    ReplyDelete