Sunday, August 19, 2012

cuairt ar Chill Airne na Gearmáine...

Deirtear faoi Sheoirse a Trí (a bhí ina rí ar Shasana tráth den saol) go maíodh sé chomh minic sin le linn a shaoil go raibh sé i láthair i Waterloo gur chreid sé féin é sa deireadh thiar.

Bhuel, tá áit iomráiteach sa Ghearmáin a ndéantar talamh slán de go raibh gach duine sa tír ann. Uair amháin ar a laghad. (An bhfuil duine in Éirinn nach raibh riamh i gCill Airne? Nó atá sásta glacadh leis nach raibh?)

Ar aon nós, thug an teaghlach cuairt ar "Chill Airne" na Gearmáine an tseachtain seo thart mar tháinig sé chun solais le déanaí nach raibh mo bhean chéile ann riamh (murab ionann agus mé féin).


Is deas an áit í, gan dabht. Tá foirgnimh stairiúla ann...





 ...agus gairdín beorach (más féidir é a aithint...).

An bhfuil a fhios agaibh cén áit atá i gceist?

7 comments:

  1. Frankfurt? Bhí mé ann, agus ní raibh mé sa Ghearmáin ach uair amháin. (Beidh mé san Eilvéis den chéad uair riamh an tseachtain seo chugainn, LCD.)

    ReplyDelete
  2. Buille faoi thuairim: Regensburg. (Ní raibh mé ann, ámh)

    ReplyDelete
  3. Bhíos féin i Regensburg ach ní le blianta agus ní aithním na grianghraif thuas.
    Ach más an áit is deise sa Ghearmáin atá uait, agus níl an Dub seo chun aontú leat faoi Chill Airne, níl ceist ar bith faoi ach is Heidelberg atá ann. Fíorálainn agus turas gearr ó Frankfurt A/M

    ReplyDelete
  4. Ní raibh mé riamh i Heidelberg, ach tá Quedlinburg álainn agus neamhghnách.

    ReplyDelete
  5. @ Dennis: ní Frankfurt atá i gceist...
    @ Aonghus: ...ná Regensburg ach chomh beag...
    @ Néidí: ...ach Heidelberg (chomhghairdeas, a Néidí!)

    @ Aonghus: "Ní raibh mé riamh i Heidelberg.".. bhuel, más buan mo chuimhne... (Leid: nach n-athnonn tú an gairdín beorach?)

    ReplyDelete
  6. dar fia! fíor dhuit. bhí dearmad déanta agam air. ach is beag den baile a chonaic mé an uair sin.

    ReplyDelete
  7. "ach is beag den baile a chonaic mé an uair sin."

    Is amhlaidh nach bhfuil an gairdín beorach ach píosa beag isteach sa limistéar coisithe ó stad na dtramanna.

    ReplyDelete