Monday, August 20, 2012

dá theocht an aimsir...


Don chuid ba mhó bhí an samhradh abhus sách Éireannach go dtí seo. Chomh hÉireannach sin gur thugas faoi ndeara go minic go raibh cuma mhuirí ar an spéir ó thaobh chruth agus ghluaiseacht na scamall de agus ó thaobh ghile na goirme de freisin. (An t-athrú aeráide ag imirt a thionchair?) De ghnáth, bíonn spéir mhuirí (mar a thugaim uirthi) le feiceáil amháín i dtuaisceart na Gearmáine ó Hannover aneas, sa taobh seo tíre i lár na mór-roinne is ó spéir dhianghorm de ghnáth a bhíonn an ghrian ag scalladh anuas go neamhthrócaireach i rith an tsamhraidh.

Ar aon nós, is cosúil go bhfuil racht ceart teochta i ndán dúinn i mbliana tar éis an tsaoil mar sna laethanta beaga thosaigh an aimsir ag dul go mór i dteocht. Sa nuachtán ar maidin bhí fiú 38 céim Celsius i réamhaisnéis na haimsire don lá inniu.

Conas atá an aimsir agaibhse?

PS: I ndeireadh thiar ní raibh ach 37 céim Celsius san uasteocht.


4 comments:

  1. 23° in Seattle inniu, cé go ndeachaigh an teocht suas go 33° ar feadh dhá lá an tseachtain seo caite. Tonn teasa dúinne! Deir an réamhaisneis go mbeidh Seattle beagán níos fionnuaire faoi dheireadh na seachtaine seo. Beidh mise in Zürich & Bern faoin am sin, mar a mbeidh an aimsir an-chosúil le Seattle, más fíor don Wettervorhersage, ach níos fliche. Fadhb ar bith agam leis sin.

    ReplyDelete
  2. Tá sé te anseo i láthair na huaire, te dúinne, agus chuala mé daoine ag gearán ar maidin faoi! Cathain a bheas an bháisteach ar ais

    ReplyDelete
  3. 24° i nDún na nGall inniu, gaofar, scamallach, grianmhar; teocht dheas ann, gan bháisteach..:-)

    ReplyDelete
  4. Aimsir dheas mheasartha agaibh uilig mar sin: bainigí taitneamh as. Mairfidh an tonn teasa abhus go dtí an deireadh seachtaine.

    ReplyDelete