Monday, August 20, 2012

scannáin sárlaoich (i): "königstr 28, stuttgart"...


(Níl míniú ar bith agam ar an bhfáth go gcuirim spéis i ndaorchluiche le beagnach bliain anuas agus - mar bharr ar an donas - i scánnáin sárlaoich anois le roinnt míosa.)

Pé scéal é, an bhfuil an scannán "Marvel's The Avengers" feicthe agaibh?

Bhuel, má tá sé feicthe agaibh b'fhéidir go gcuimhin libh an áit ar dhein Captain America a chéad éacht. Nó b'fhéídir nach cuimhin libh. Ar aon nós, b'í an áit a bhí i gceist ná uimhir a 28, Sráid an Rí, Garraí na Graí.

(An aithníonn éinne an earráid ar an ngrianghraf seo? = grianghraf 5 as 16)

Chonaic míse an scannán... níl de leithscéal agam ach go raibh mé ag insint do mo hiníonacha faoi iarracht a dhein mé aithris a dhéanamh ar Chaptain America uair amháín fadó in Éirinn nuair a bhí mé i mo gharsún. B'amhlaidh go raibh mé thuas ar bharr balla aird nuair a tháinig flosc tobann chun éachta orm. Rug mé greim ar ghéag chaol lúbach fhada de chrann mór a bhí in aice leis an mballa agus é ar intinn agam luascadh amach ón mballa, ar nós Tarzan. I ndáiríre, b'é Captain America a raibh mé in ainm a bheith ag déanamh aithrise air agus b'é a ainm siúd a scairt mé amach dá bharr agus mé faoi lán seoil san aer. "Captain America!!!" B'aoibhinn an mothú é. Ar dtús.

Is amhlaidh go raibh an talamh ag dul síos go géar le fána thíos fúm. Agus ba ghearr go raibh mé féin ar mo shlí anuas freisin. An ghéag lofa in éineacht liom. Ar chúl mo chinn a thuirling mé...

...agus tamall beag de bhlianta ina dhiaidh sin tharla go ndeachaigh mé go dtí an phictiúrlann chun an scannán a fheiceáil. Hmmm...

4 comments:

  1. ASG!

    Táim den bharúil nach tú an t-aon duine a rinne nithe sárlaochta mar sin, a Fhearghuis..:-)

    ReplyDelete
  2. B'amhlaidh domsa le crann agus brainse lofa agus titim go talamh agus tinneas cinn agus colm agam inniu.

    ReplyDelete
  3. Nach ndeir na nGearmánaigh go bhfuil buille bheag ar chúl an chinn go maith don gcumas smaointeoireachta?

    ReplyDelete
  4. Cuireann sé ar mo shuaimhneas mé a léamh gur tharla an rud céanna do dhaoine eile chomh maith agus gur chun a leasa a bhí sé (b'fhéidir).

    ReplyDelete