Tuesday, August 14, 2012

tábla comhroghnach na mbonn...


Mura bhfuil na cluichí Oilimpeacha imithe i ndíchuimhne ort cheana féin agus má tá tú míshásta le líon na mbonn a bhuaigh na laochra dúchasacha de réir an tábla oifigiúil, d'fhéadfá súil a chaitheamh ar an tábla comhroghnach seo * ar shuíomh an ZDF, an dara stáisiún teilfíse sa Ghearmáin. Tá na tíortha rangaithe de réir chóimheas an daonra le líon na mbonn.

Honi soit qui mal y pense...


*Ní mór brú ar an íomhá seo a leanas (ar thaobh na láimhe deise den scáileán):

3 comments:

  1. Suimiíúil. Cheap mé féin go ndearna na hiomaitheoirí uilig a ndícheall, agus is maith ann an duine dícheallach..:-)

    ReplyDelete
  2. Ar aon nós, níor chruthaigh foireann na hÉireann go ró-dhona de réir an tábla thuas.

    ReplyDelete
  3. Bhí breall ar thíortha eile maidir lenár ndaonáireamh. Bhí 4.5 mil ina gcónaí anseo dar leo, ach tháinig cuid dár n-iarrthóirí ón 6 chontae. Bhuaigh beirt dóibh boinn dúinn. Mar sin tá 6.5 mil anseo.

    ReplyDelete