Tuesday, September 18, 2012

clocha ómra an phaidrín...


Is seoid fine an paidrín thuas a fágadh le huacht agam an bhliain seo caite. Is as ómra na clocha, cé is moite de na trí chinn gar don chros ar toradh de dheisiúchán mí-ámharach iad.

Phós mo shinsinseanmháthair a céad fhear san India i lar an naoú haois déag agus fuair sí an paidrín mar bhronntanas ón sagart don ocáid ar an ábhar gur ....

Níorbh fhada go raibh sí ina baintreach, ach cúpla bliain ina dhiaidh sin phós sí mo shinsinseanathair. Is amhlaidh nach raibh teaghlach mo shisinseanathar ró-shásta leis an gcleamhnas ar an ábhar gur ....

Tá dhá cheist agam oraibh, cad a cheapann sibh:

1. cén fáth a bhfuair sí an paidrín ón sagart?
2. cén fáth nach raibh teaghlach mo shinsinseanathair sásta leis an gcleamhnas?

6 comments:

  1. Bainis agus Baiste a bhí ann di.

    Bhí clann aici ón chéad fear.

    Níl cliú dá laghad agam ach an fiosrach

    ReplyDelete
  2. @ Néidí / @ Áine

    Freagra do cheist 1: Mar gur iompaigh sí ina Caitliceach nuair a phós sí an chéad fhear.

    @ Néidí

    Ní fios dom ar baisteadh í nó nár baisteadh í. Ba é gur Chríostaí í cheana féin. Ba Phrotastúnaigh seanbhunaithe as Cúige Connachta a muintir.

    Agus anois ceist a dó...

    ReplyDelete
  3. Níor thaitin an cleamhnas leo mar gurbh Phrotastúnaigh seanbhunaithe a muintir.

    ReplyDelete
  4. Ba é sin a cheap mise nuair a chuala mé an scéal ar dtús ach is amhlaidh go raibh muintir mo shinsinseanathar sách rachmasach ag an am murarbh ionann agus mo shinsinseanmháthair agus gur cheist airgid a bhí i gceist, rud a bhí coitianta go leor tráth dá raibh.

    B'fhéidir gur léiriú é sin go mbíonn léamh ró-shimplí ag roinnt daoine ar an bhfíorshaol in Éirinn le linn an ama sin.

    ReplyDelete
  5. 1. seans go raibh an sagart ina chara aici féin nó ag a fear cheile? Comhartha measa ar an lanúin nua?

    2.Ba le fear eile í cheana. Ba chuma é bheith marbh. Cé leis a rachaidh sí lá na cinniúna nuair a éiríonn na mairbh? Fear a haon nó fear a dó? Seans gur 'go scara an bás sinn' a bhí a rá acu ach is cuimhin liom mo sheanmháthair féin ag míniú dúinn nach bpósfadh sí arís (mar bhaintreach) mar go raibh sí pósta i gcónaí agus i dtólamh le fear 1. Bhain go leor de seo le tionchar na Sasanach ar dhaoine feala a chónaigh san Ind ag an am, mar ba iad a bhí ag rialú na háite agus d'fhág siad a rian.

    ReplyDelete