Tuesday, January 29, 2013

an bhfuil a fhios ag éinne cá bhfuil an stáisiún i gceist?...



Tharla dom a bheith ag feitheamh leis an traein sa stáisiún seo inniu. Sna nóchaidí bhínn anseo uair amháin in aghaidh na seachtaine ar meán. Bhí aithne mhaith agam ar an stáisiún an tráth sin. 

Bhíodh caifé beag ann ina mbíodh na daoine ag ól caife agus ag caitheamh toitíní. Bhíodh tábhairne ann ina mbítí ag ól beorach agus ag caitheamh toitíní. Sa halla mór bhítí ag caitheamh toitíní. I ngach cúinne de bhítí ag caitheamh toitíní. Sa seomra feithimh, sa tollán faoina hardáin, thuas ar gach ardán. 

Ba dhóigh leat go raibh an stáisiún féin ina shíorchaiteoir toitíní, an toit ag teacht as gach piochán de agus é ina luaithreadán dó féin. Agus bhíodh na traenacha a stadadh sa stáisiún lán de thoit nach mór agus iad á hiompar ó cheann ceann na tíre.





Deineadh an stáisiún a athfhorbairt roinnt blianta ó shin*. Rith sé liom go bhféadfainn grianghraf nó dhó a dhéanamh de agus mé ag feitheamh leis an traein.

Is geall le teampall galánta an tomhaltachais é sa lá inniu.

Ar aon nós, ní dóigh liom go mbraithim uaim an phrochóg thoiteach.

An bhfuil a fhios ag éinne cá bhfuil an stáisiún i gceist? (Géire na deacrachta: íseal)


* Roinnt blianta ó shin = 2001! - mar a fuair mé amach ar an idirlín níos déanaí.

3 comments:

  1. Tà sé deacair go leor.

    D'úsáid mé an amchlár Agus ar dtús cheapas go Wiesbaden a bhí Ann - gar do Frankfurt ach. Fós mór.

    Ansin bhíos ag smaoineamh is cuma cà bhfuil tú sa ghearmáin tà Frankfurt tábhachtach. Chonaic mé limburgerhof Agus roghnaíos dul le köln.

    Céard anois an frragra ceart?

    ReplyDelete
  2. Tá tú gar go leor don fhreagra ceart ach ní Frankfurt ná Wiesbaden é. Mannheim atá i gceist.

    ReplyDelete