Friday, July 4, 2014

tá leathlámh ag an nGearmáin ar Chorn an Domhain...





Dar liom, níl fágtha sa chomórtas ach dhá fhoireann a bhfuil ar a gcumas foireann na Gearmáine a stopadh: an Bhrasaíl agus an Airgintín.

Measaim, áfach, go bhfuil bearna ró-mhór ó thaobh an chaighdeáin de idir an Airgintín agus an Ghearmáin faoi láthaír. Mar sin, níl fágtha i ndáiríre ach foireann na Brasaíle.

Is oth liom a rá ach i gcead don Bheilg agus do Chósta Ríce níl seans dá laghad an an bpéire sin.

"Agus cad faoin Ollainn?" a chloisim sibh ag rá.

Bhuel, chonacamar an cluiche idir an Fhrainc agus an Ghearmáin agus is amhlaidh go mbíonn an bhunfhadhb chéanna ag na Dúitsigh agus mar a bhíonn ag na Francaigh: dá fheabhas iad sa chomórtas roimh ré, an túisce a fheiceann siad na Gearmánaigh rompu ar an bpáirc sleamhnaíonn an misneach uathu agus is gearr go mbíonn an chuma ar an scéal gur fearr dóibh gan an fathach a ghríosadh.

Is cosúil gurb é an sotal i gcás na Brasaíle agus na hAirgintíne a chosnaíonn ar an eagla iad. D'fhéadfá a rá, b'fhéidir, gurb ann don sotal fiúntach ar uairibh. 

Bhí comhghleacaí Dúitseach liom an-shásta tar éis an chluiche i gcoinne Mheicsiceo toisc gur chruthaigh a fhoireann go raibh cumas troda inti agus go raibh na himreoirí faoi réir chun snámh in aghaidh an easa - murab ionann agus fadó.

"Má éiríonn leo gan na magairlí a fhágáil sa seomra feistis agus iad ag imirt i gcoinne na Gearmáine... bhuel, cá bhfios?"




No comments:

Post a Comment