Sunday, August 31, 2014

píosa seandálaíochta: eisiach do lucht na gaeilge!

Sara gcuirtear páipear balla suas sa lá inniu is iondúil cóta séalaithe a chur ar an mballa ar dtús chun ionsúiteacht an phlástair a laghdú. Sara raibh ann do shéaltáin agus a leithéid is ea a dhéantaí ná brat dramhpháipéir a chur ar an mballa faoin bpáipéar balla chun an toradh céanna a bhaint amach, agus chun go mbeadh dromchla mín réidh faoin bpáipéar balla luachmhar. B'é an rud a bhí sa dramhpháipéar don chuid ba mhó ná sean-nuachtáin.



 

Tháinig mé ar bhlúiríní nuachtáin arís le deanaí a bhí i mo sheilbh le roinnt blianta anuas agus a baineadh de bhallaí tí a tógadh sa bhliain 1895. Bhí an teach mór galánta seo ar líon beag na bhfoirgneamh a tháinig slán ó aerbhuamáil na bliana 1944


 Stuttgart, 1944

Is as eagráin den Frankfurter Zeitung a foilsíodh sa bhliain 1898 do na blúiríní. Ba nuachtán an Frankfurter Zeitung a raibh traidisiún liobrálach aige. Toirmisceadh é i 1943 i tar eis gur foilsíodh alt nár thaitin le Hitler. Bhí an foilsitheoir Giúdach agus na hiriseoirí Giúdacha curtha chun bóthair ag na Naitsithe cheana féin.

Mar a fheictear, is as leathanach na bhfógraí atá an blúirín thuas. Féachaigí ar roinnt de na fógraí:

Israelitisches
Mädchen - Pensionat
von Geschw Polak
Bonn am Rhein
Koblenzer Str. 56.
Das SommerSemester beginnt
am 25. April - Prospecte
auf Verlangen       52478

Is fógra ó scoil chónaithe do chailíní Giúdacha an chéad cheann. An seimeastar samhraidh ag tosú ar an 25ú Aibreáin. Na bróisiúir ar éileamh. (Sa lá inniu is mar "Prospekt" a litrítear é.) Ní gá a rá nach uimhir ghutháin 52478!


M. Hillebrand'sche
Mädchen Erziehungs-
Anstalt    Neuenheim
(Taunus)
Fächer der höheren Töchterschule
Sorgfält. häusl. Erzieh., gründl.
Unterricht nach individalisierend.
Methode. Ausgezeichn. klimat. Lage
Aufmerks. Gesundheitspflege. Beste
Referenzen. Wegen Prospecten u.
näh. Auskunft wende man sich an 
die Vorsteherin.       71688

Is as scoil chónaithe eile an dara fógra, mar atá scoil do chailíní as teaghlaigh mhór-le-rá. Cuirtear oideachas baile críochnúil agus cúram aireach sláinte ar fáil do na cailíní ámharacha seo.


HOTEL VOSS
ältestes Hotel am Platze
FeineKücheReineWeine
Geile Preise

Más mian leat oíche nó dhó a chaitheamh san óstán is sine san áit, beidh bia den togha agat, agus "fíonta íona" go fiú.

Ach, a thiarcais, cad a scríobhtar faoina praghasanna?

(Gheobhaidh an chéad duine leis an bhfreagra ceart ríomhleabhar mar dhuais.)


7 comments:

  1. Stair i do lámha agat ansin, a stór. Tabhair aire mhaith do na blúiríní sin.

    ReplyDelete
  2. An bhfuil malairt brí tagtha ar Geil ó shin? Praghasanna ar chúis macnais iad?

    ReplyDelete
  3. Is cosúil go mbíodh an focal in úsáid níos minice ach gur thit sé as úsáid sular thosaigh arís

    https://books.google.com/ngrams/graph?content=geil&year_start=1800&year_end=2008&corpus=20&smoothing=3&share=&direct_url=t1%3B%2Cgeil%3B%2Cc0

    Spéisúil

    ReplyDelete
  4. Níos soiléire ach 100 bliain níos luaithe a chuardach.

    Ach níl mé iomlán cinnte faoin scála.

    https://books.google.com/ngrams/graph?content=geil&year_start=1700&year_end=2008&corpus=20&smoothing=3&share=&direct_url=t1%3B%2Cgeil%3B%2Cc0

    ReplyDelete
    Replies
    1. Go han-suimiúil.

      Ach féach ar an mblagmhír nua uaim. ;)

      Delete
  5. Dea-lá,

    Tá mé an tUasal Carlos Stev. A cáil, dlisteanach agus creidiúnaithe iasachtóir. Táimid a thabhairt amach ar iasacht de gach cineál ar bhealach an-tapa agus éasca, Iasachtaí Pearsanta, Iasacht Car, Iasacht Baile, Iasacht do Mhic Léinn, Iasacht Gnó, iasacht Aireagóir, Comhdhlúite Fiach. srl

    Faigh ceadaithe le haghaidh gnó nó iasachtaí pearsanta a lá atá inniu ann agus cistí a fháil laistigh de sheachtain céanna i bhfeidhm. Is féidir na iasachtaí pearsanta a cheadú beag beann ar do creidmheasa agus tá go leor de na custaiméirí sásta chun cúltaca an éileamh seo. Ach ní bheidh ort a fháil ach ar an iasacht phearsanta de dhíth ort; gheobhaidh tú an ceann is saoire. Is é seo ár gealltanas: ráthaíocht muid an ráta is ísle le haghaidh gach iasacht le sochair comhthaobhachta saor in aisce.

    Déanfaimid ár ndícheall a fhágáil le tuiscint dhearfach buan trí níos mó ná an ionchais mo chustaiméirí i ngach rud a dhéanfaidh mé. Is é ár gcuspóir chun cóir leighis duit le dínit agus le meas céanna ag soláthar seirbhís ar ardchaighdeán ar bhealach tráthúil.

    Níl Uimhir slándála sóisialta is gá agus aon seiceáil creidmheasa ag teastáil, 100% ráthaithe.

    Mar sin, r-phost: carlos_stev@yahoo.co.uk lá atá inniu ann iarratas a dhéanamh ar IASACHT.

    ReplyDelete