Is í an cheist a chuir mé sa bhlagmhír dheireannach ná: Ach, a thiarcais, cad a scríobhtar faoina praghasanna?
Is ag tagairt don fhrógra thuas a bhí mé. Agus mé ag tras-scríobh an fhógra bhí deacrachtaí agam leis an aidiacht a thagann roimh "Preise" mar tá píosa beag den phaipéar in easnamh a raibh na litreacha i lár an fhocail clóscríofa air.
Rith sé liom go bhféadfadh duine ar an gcéad sracfhéachaint "Geile Preise" a léamh.
Séard is brí do "geil" i mbéarlagair an lae inniu ná "iontach" agus úsáidtear go minic san fhógraíocht é.
Nuair a tháinig ann don fhocal sa teanga ar dtús na céadta ó shin, bá é mar aidiacht a d'úsáidtí é i gcás plandaí a bhí tar éís fás go ró-ard agus go ró-dhíreach. Déanann plandaí a leithéid nuair a bhíonn siad curtha in áit nach dtiteann a dhóthain solais orthu agus is drochrud má fhásann siad ar an dóigh seo.
Níorbh fhada gur eascair an dara brí as sin (mura miste libh má deirim mar sin é). Agus is dócha nár dheacair baint ghnéasach a shamhlú le céadbhrí an fhocail, agus is é sin go díreach (mo leithscéal arís) an rud a tharla.
Mar sin, sarar tháinig ann don tríu brí den fhocal, ba é a chiallaigh "geil" ná "fonn mór caidrimh chollaí a bheith ar dhuine". Agus ar dhóigh éigin, is í sin go fóill an bhrí is bríomhaire dó agus, ar dhóigh éigin, bíonn sí í gconaí fite fuaite go greannmhar sa leagan nua den fhocal...
Ach sara ndéanaimid dearmad de, fillimid ar ais go foinse na "míthuisceana". Bhíos ag féachaint air le fada sara rith sé liom gur "C" in ionad "G" a bhí sa chéad litir. Hmmmm...
Iúraícea!
"Civile" a bhí i gceist! "Civile Preise" nó "praghasanna réasúnta".
Dala an scéil, is mar "zivile" a scríobhfaí sa la inniu é.
No comments:
Post a Comment