Sunday, November 6, 2016

Cath Ghleann Ghlas na Feá


Whiskyschlacht zwischen Schotten und zwei Schwaben aus Glen Buchenbach (Gleann Ghlas na Feá)








Más annamh féin a fhliuchann drúcht Mhagh Fáil mo bheola na laethanta seo thug mé an leabhar na cianta ó shin nach dtaobhóinn feasta an deoir is bídí amuigh mura mbeadh an séala ar an mbuidéal ag dearbhú gurbh in úrbhroinn íon chríocha Gael a gineadh agus a tugadh chun aibíochta í.

Ach cad is fiú séala sa lá inniu má cheadaíonn an dlí go gcuirtear ag feidhmiú mar dhallamullóg é?

Dona go leor go bhfuil sú oirirc gaelach na heorna á chópieáíl i dtíortha nach tíortha gaelacha iad ach mar bharr ar an donas tá sé de dhánacht ag lucht siúd a dhéanta le tamall anuas focail ghaelacha a sciobadh agus a chur ar lipéad an bhuidéil i dtreo is go gcreidfidh na tomhaltóirí go bhfuil an leacht istigh chomh gaelach le Gleann Fhiodhaich nó le Gleann an Dá Loch féin.

Agus de bharr an tionchair a d'fhéadfadh an cur i gcéill a bheith ar iompar ceannaigh na dtomhaltóirí agus ar an ioncam ó dhíolacháin tá laochra na hAlban ar an mblár catha faoi láthair chun ár n-uile-oidhreacht a chosaint.

Glen Buchenbach an t-ainm a thugann drioglann sa Ghearmáin ar an uisce beatha atá á tháirgeadh aici le roinnt blianta anuas agus tá úsáíd an fhocail gleann san ainm ina cnámh spairne idir Cumann Uisce Beatha na hAlban (SWA) agus an drioglann. Tá an cás os comhair na cúirte faoi láthair.

Is san áit Berglen (“Na Sléibhte Beaga”) atá an drioglann Waldhornbrennerei (Drioglann Choirn Coille) lonnaithe agus is biotáillí as silíní, as úlla, as piorraí Liam, as airní agus as torthaí de gach uile shórt a dhéantar inti ó dhúchas. Cúpla bliain ó shin tháinig an smaoineamh chuig na beirt deartháireacha Klotz, ar leo an drioglann, go bhféadfaidís triail a bhaint as uisce beatha a dhéanamh.

Cuireann Cumann Uisce Beatha na hAlban (SWA) i leith na ndeartháireacha Klotz mí-úsáid a bhaint as glen i dtreo is go gcreidfidh na tomhaltóirí gurb as an tír as a dtagann Glenfiddich agus Glenmorangie dá n-uisce beatha féin agus go sáraíonn sin an dlí trádmharcanna. De réír an dlí sin níl téarmaí inchláraithe mar thrádmharcanna a bhféadfadh a bheith mar chuspóir acu dallamullóg a chur ar thomhaltóirí i dtaobh chineál agus mhianach an táirge agus i dtaobh na tíre inar deineadh é.

Níor éirigh leis an SWA sa Landgericht (cuairt chuarda) in Hamburg bac a chur ar an drioglann glen a úsáid san ainm ach níor mhaith leis an gcúirt sin breith a thabhairt ar an gcuid den chás a bhaineann le dlí eorpach agus is féidir mar sin gur sa chúirt eorpach a thabharfar an bhreith dheireannach.

Deir na deartháireacha go bhfuil an téarma glen le feiceáil i logainmneacha i mórán tíortha ar fud na cruinne - fiú amháin sa tSualainn, deirtear! - agus nach bhfuil sainbhaint ag glen leis an Albain. Dá bhrí sin ní féidir go bhfuil cur i gcéill i gceist. 

Is é gur binne leo Glen BuchenbachBuchenbachtal ó thaobh na fuaime de, is dócha.

Agus ní réadúil nó ionadaíoch an dallintinn a shamhlaíonn an SWA leis an ngnáththomhaltóir nach mbeadh in ann a aithint ar an lipéad gur uisce beatha as an nGearmáin Glen Buchenbach dar leis na deartháireacha.

Is cosúil nach eol do na deartháíreacha stádas oifigiúil na dallintinne samhlaithe seo atá geall le bheith faoi chosaint ar na hoileáin atlantacha i dtaobh aon ní a bhaineann leis na teangacha ceilteacha.

Agus ós í an mhí-úsáíd a bhaintear as míchruinneas i dtaobh dhúchas agus stair an uisce beatha atá idir chamáin acu, d'fhéadfadh ár gcairde ón Albain súil ghrinn a chaitheamh ar a shuímh idirlín féín ó am go chéíle.

Ar aon chuma, tá réíteach na faidhbe agam: dá bhfillfí ar na hainmneacha fiordhúchasacha ní bheadh sé chomh héasca céanna do lucht na haithrise aithris a dhéanamh orthu.