Wednesday, September 15, 2010

dva = a dó / dhá sa tSlóivéinis...



Bíonn an leabhar thuas idir lámha agam go minic sna laethanta seo. "Dva" an teideal air agus "Díolaim de Nua-Litríochta na Slóivéine" atá ann, mar a léirítear ar an gclúdach.

Idir ghearrscéalta, shleachta as úrscéalta, aistí agus dhánta tá saothair ó phinn réimse leithne scríbhneoirí i gceist agus iad tiontaithe go Gaelainn ag aistritheoirí ar scríbhneoirí iad féin freisin.

D'fhoilsíodh ceann de na scéalta i gComhar tamall de mhíonna ó shin, mar atá "Scéal An-Simplí" le Miha Mazzini agus é aistrithe ag Gabriel Rosenstock.

Caighdeán ard aistriúcháin atá i gceist mar sin.

Thaitin an chuid ba mhó dá bhfuil léite agam go dtí seo liom. Ba "Dalta an tSeoighigh" le Drago Jančar, "Giotár Leictreach" le Andrej Blatnik agus "An Fón Póca" le Lili Potpara iad na gearrscéalta ba mhó a fhanann i mo chuimhne.

Is cosúil gurb é an smaoineamh taobh thiar de choincheap an leabhair ná léargas a thabhairt ar litríocht tíre eile, nach tír Bhéarlach í, trí mheán na Gaeilge. Más amhlaidh atá, smaoineamh iontach atá ann!

Agus cé go bhfuil teacht ar aistriúcháin Bhéarla na scéalta seo, níl siad tiomsaithe i gcnuasach den chomhdhéanamh seo in aon áit eile.

Dá bharr, ní rud tánaisteach atá á chur faoi bhráid an phobail anseo ach saothar úrnua ann féin.

I ndeireadh an lae, braitheann an rath i gcúrsaí foilsíochta ar an ngearb ag pobal na litríochta a bheith ag dó go dtí go bhfuil an leabhar léite acu.

Sunday, September 5, 2010

an lá ar shábháil Tiobraid Árann an iománaíocht...


Ba é ceann de na cluichí móra i stair na hiománaíochta, gan dabht, cluiche ceannais an lae inniu.

Níor bhain Cill Chainnigh, faoi dheireadh thiar, craobh na hÉireann amach don chúigiú huair as a chéile.

Bhí ar intinn agam le tamall anuas dul chuig tábhairne Éireannach chun féachaint ar an gcluiche, ach d'fhan mé sa bhaile. Caithfidh mé a admháil gur cheapas roimh ré go bhfaigheadh Cill Chainnigh an ceann is fearr i bhfianaise na caoi a raibh an cluiche i gcoinne fhoireann Chorcaí buaite acu taobh istigh de fhiche nóiméad.

Fuaireas deis áfach an cluiche a fheiscint ar an idirlíon. Cluiche iontach corraitheach. Bhris an dúchas amach trí chamáin na dTiobradach.

Agus tar éis na réime glórmhaire tá na fathaigh mhóra buaite.

Agus is fearrde an iománaíocht é.

Sunday, August 22, 2010

dhá lá ar neamh agus trí chinn de shlisíní friochta i mbaguette... (II)

12.07.2010...

...Ar dtús spaisteoireacht bheag i mBun Abhann Dalla. Lá breá gréine. Tá both gutháin taobh leis an túr. Níor chuala mo bhean chéile an logainm "Bun Abha Dalla" riamh. "San fhoirceann eile den tír atá tú!"


Ar aghaidh liom go Bun Abhainn Duinne.


Gabhar agus dealbh de ghabhar mar leacht cuimhneacháin don ainmhí deireannach a dealaíodh sa bhriseadh amach de ghalar crúibe is béil sa bhliain 2001. Ní gá a rá gur ghabhar é.

Maol Chinn Tíre le feiscint sa chúlra. Is é Bun Abhainn Duinne an cuan is gaire d'Albain ar an taobh eile de Shruth na Maoile.


Agus an t-amharc isteach ar Ghleann Duinne.

Tá cibé póit a bhí orm ón oíche roimhe leáite in áilleacht na háite.

Ar an tslí go Ceann an Toirr thiomáineann fear ón India agus mé féin cúpla uair thart ar a chéile, cúpla focal á mhalairt againn gach uair. Mo dhála féin, bhí an radharc ón mbóthar cósta ag cur lúcháire air agus caithimid gach duine againn stopadh ó am go chéile chun an áilleacht a shú isteach.

Agus cén fáth nach mbeinn ag sú na háilleachta? Nach raibh mé i nGleannta Aontrama ar lá gréine? An dara lá ar neamh.

Is é Ceann an Toirr an pointe is cóngaraí d'Albain.


Tá túr ann in aice don charrchlós. Ar bharr an túir bhí ceathrar againn bailithe faoi dheireadh. An fear ón India agus lánúin ó Bhóthar na bhFál i mo theannta.

Mhínigh an Béal Feirsteach agus mé féin an logainm Maol Ceann Tíre don fhear ón India.

"Ní dócha ach go gcuireann sé ionadh ar na daoine thall ar an oileán siúd go bhfuil radharc chomh soiléir acu anall ar an mórthír."

Níor tháinig liom gan an abairt sin a rá i dteannta an fhir ón India mar bhí mé cinnte de go raibh an leagan droim ar ais sa treoirleabhar taistil aige. Seans go scaipfeadh sé an leagan ahem... ceart ar fud na fo-ilchríche.

An Bhinn Mhór agus an t-oileán darb ainm Reachrainn mar a nochtar chugat iad ar Cheann an Toirr.

Seoid i bhfolach i gcúlchríoch Na Binne Móire.

Ó láthair amhairc siar ó Bhaile an Chaisleáin tá Reachrainn agus An Bhinn Mhór go díreach os do chomhair amach, agus cósta na hAlban freisin, fiú amháin suas go dtí sliabhraon a raibh a bheanna arda le feiscint i bhfad i gcéin. Am Monadh, b'fhéidir?


I Muileann na Buaise thiomáinim go mall trína sluaite den Ord Oráisteach a raibh máirseáil acu sa bhaile an lá céanna.

Agus arís i bPort Rois, sluaite móra den Ord Oráisteach, ní ba mhó ná i mBushmills. Thiomáinim go mall arís trína sráide. Bhí ar intinn agam dul síos chuig an phromenáid. Thart ar thimpeallán amháin ar dtús, agus ansin tá timpeallán eile romham.

Ach ón timpeallán sin feicim go bhfuil scliúchas ar siúl idir na póilíní agus ógánaigh éigin. Tá aird na sluaite thart timpeall tarraingthe ar an eachtra, agus ritheann cuid acu go fonnmhar i dtreo láthair an scliúchais.

Le huimhirchlár ó BhÁC b'fhearr gan dul thar fóir agus an t-ádh a shárú. Agus b'fhearr gan bacadh leis an bpromanáid a thuilleadh.

Feicim comhartha bóthair le Doire air. (Bhuel, ní "Doire" go díreach a bhí air...)

Ar aon nós, as go brách liom!