Wednesday, November 25, 2009

An haiku an méid seo?


intitim toinne

ar thrá scoite

tráth scoite

6 comments:

  1. Bhí orm dul i gcomhairle le focal.ie le haghaidh “intitim”. Is iontach an cur síos é seo ar a bhfuil ag tarlú sa phictiúr. Ceist agam ort, áfach: nach bhfuil 17 siolla ag teastáil i haiku clasaiceach, i trí líne mar seo: 5 - 7 - 5 ?

    ReplyDelete
  2. Nílim eolach ar mhodh oibre an haiku, a Ormondo, ach ba mhaith liom é a fhoghlaim. Más rud go bhfuil alt ar an ábhar a d'fhéadfá a mholadh dom, léifidh mé é.

    Ní raibh an focal sin 'intitim' agamsa, ach an oiread, ach is maith liom é, mar fhocal - agus is maith liom an haiku!

    ReplyDelete
  3. Maidir leis an riail 5 - 7 - 5: do léigh mé áit éigin nach gcloítear leis an riail seo i gcónaí sa lá inniu. Ach ar an taobh eile de táim díreach tar éis láithreán a aimsiú le haiku as Gearmáinis (http://www.haiku.de/index.php) agus feictear dom go bhfuil na haiku ansin cumtha de réir na sean-rialach agus go bhfuil bua ar leith ag baint leis an múnla céanna.

    Is amhlaidh go bhfuil an Rosenstockach ag gabháil don chineál dáin seo le blianta beaga anuas. B'fhéidir go n-oireann an ghné shiollach den haiku don Ghaelainn. Ar aghaidh linn, a chairde...!

    (Dála an scéil, is ón bhfoise chéanna a bhfuaireas fhéin an focal "intitim".)

    ReplyDelete
  4. Breá liom an focal 'intitim', ach níl aon Bhéarla agam air agus is amhlaidh is fearr liom mar é. Tá an an haikú go breá, dar liom. Tá haikúnna iontacha déanta ag an Rosenstockach, freisin, ach ní i gcónaí a aimsíonn sé an sprioc. Phléigh mé féin an haiku in Feasta an Mheithimh ach nílim cinnte an aon chabhair aon rud a scríobh mé ansin.

    ReplyDelete
  5. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  6. Cérb é an leabhar de chuid an Rosenstockaigh is mó a mholfá, a Chailliomachais?

    ReplyDelete