Thursday, November 5, 2009

Historie des Happy End

Is Laidineachas "Historie" agus is bréag-Bhéarlachas "Happy End". Ní deacair a thomhas gur "Stair an Deiridh Shonasta" atá i gceist. "Geschichte des glücklichen Schlusses" d'fhéadfá a rá, más mian leat iasachtaí a sheachaint. Ba ghreannmhar liom "Happy End" nuair a bhíos sa Ghearmáin ar dtús.

Ach d'ainneoin sin chuir sé ionadh orm le déanaí nuair a léigh mé áit éigin gur bréag-Bhéarlachas a bheadh ann. Is amhlaidh gur dheineas dearmad lá den saol idir an dá linn gur "Happy Ending" an leagan fíor-Bhéarlach de. Ní raibh ach "Happy End" in úsáid agam le feadh tréimhse fada agus mé cinnte de as pointe éigin amach, de réir dealraimh, gurbh é an t-aon leagan amháin den fhriotal!

Miondealbh de phróiseas forbartha teanga?

Cé go n-úsáidtí an deireadh sonasta ("Deireadh sonasta"? Níor aimsigh mé téarma eile - téarma oifigiúil, mar shampla - dó) i roinnt mhaith de na seanscéalta fadó agus na húrscéalta freisin, deirtear gurbh é tionscal na scannán a chuir an tseift chéanna ar bhonn córasach - agus tráchtála freisin, ar ndóigh.


Ba chóir go bhfágfadh an lucht féachana an phictiúrlann de mheon dearfach - ionas go bhfillfidís arís.


Do scríobh an file Gearmánach Kurt Tucholsky (1890 - 1935) dán mar gheall air nuair a bhí ré na scannánaíochta ina hóige.



http://meister.igl.uni-freiburg.de/gedichte/tuc_k08.html

(Is é is brí do "éag" sa chomhthéacs seo thíos ná "céimnigh amach fuaim is fís". Mar sin, tá athbhrí dheas ag baint leis i gcomhthéacs an dáin, dar liom. http://www.focal.ie/Search.aspx?term=fade)




Dar gCionn


Tar éis deiridh shonasta
i scannán éagtar de ghnáth
Ní fheictear ach na beola
agus croiméal an laoich ag tumadh
tá sé aici anois, an fear uasal
Agus ansin - ?

Téann an bheirt go humhal a luí
Más ea...is deas go leor é sin
Ach uaireanta ní mór a fhionnadh
A bhfuil ar bun, in ionad pógtha
Ní féidir bheith de shíor i suan
Agus ansin - ?

Le crónán na gaoithe sa simléar
Tagann leanbh na lánúine ar an saol
Bruitheann sí bainne. Téann sé thar maoil
Tógann sé racán. Goileann sí faoi.
Is maith leo scaradh óna chéile
Agus ansin - ?

Ach níl an leanbh ina neart
Mar sin seasann siad an fód
Chun streachailt leo le feadh na blianta
É féin, is mian leis fós cúileann
Í dúr is óg i gceann a chéile
Agus ansin - ?

Anois imithe leo in aois
An mac, bailíonn sé leis
É féin ar ball ag dul i laige
Dearmadta, ré chroiméil is phóige
A thiarcais, chomh fada siar i gcéin!
Chomh mór an dúil aige sa chéile,
ar éigin atá sé fíor a thuilleadh!
Is é féin ag dul siar ar an saol
cad tá fágtha aige as seo dá shéan?
An pósadh, ba é don chuid is mó
leadrán is bainne scallta bó
Le linn deiridh shonasta dá bharr
i scannán éagtar de ghnáth.

6 comments:

  1. Trí cheist:

    Cén saghas Gearmáinise atá ag an údar?

    An bhfuil idirdhealú ar bith, ó thaobh na céille de, idir "sona" agus "sonasach / sonasta"?

    Ar thóg sé a lán ama ort Gaeilge a chur air? Tá mé impressed! Tá meas agam ar do scil.

    ReplyDelete
  2. Scoth na Gearmáinise, ach is i gcanúint Bheirlín, ar mhaithe le héifeacht, atá an rud scríofa.

    (Agus amhrasach faoin bpósadh freisin , Tucholsky bhocht)!

    ReplyDelete
  3. Dála an scéil, an chiall atá le "Dea chríoch ort" go bhfuil tú ag guí go bhfaigheadh - go háirithe bean - nuachar ar a mian!

    ReplyDelete
  4. I gcúrsaí suathaireachta, tá ciall ar fad eile le happy ending, ar ndóigh.

    ReplyDelete
  5. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  6. Faoi mar a scríobh Aonghus ba i gcanúint Bherlin a scríobh Tucholsky a dhánta.

    An t-idirdhealú idir "sona" agus "sonasach / sonasta"? Bhí an cheist chéanna a chíoradh agam; cad í bhur dtuairim faoi?

    Do chaitheas go hiomlán ceithre huaire leis, is dócha. Dar liomsa, is fusa dán Gearmánach a aistriú go Gaelainn ná dán i mBéarla, mar gheall ar an gcosúlacht i gcúrsaí siollaí.

    ReplyDelete