Wednesday, December 23, 2009

Eiswein - Fíon Oighir

Fíonchaora seargtha agus lofa atá le feiscint sa ghrianghraf leamh thuas. Tógadh an grianghraf féin i solas liath meathbhán an gheimhridh. Agus an fómhar órga imithe i ndíchuimhne le fada, ní raibh ach cuma thruamhéileach ar an iarmhar bocht a fágadh ina dhiaidh ar na fíniúnacha.

Cúpla oíche ó shin - sa mhullach ar sin, mar a cheapfá - agus an teocht faoi -7°C, bhí na fíonchaora chomh cruaigh le mírlíní.

Agus an port seinnte acu ar deireadh thiar? Maitear don té a mheas go raibh!

Bhuel, is amhlaidh go bhfuil sluaghairm ag seanfhíonchaora seargtha: siocfaidh ár lá!

Mar is mar seo atá sé: cuireann an sioc casadh bíoblach ar an scéal. Aiséiríonn na seanfhíonchaora lofa brúite - de bharr iad a bheith sioctha - i gcruth fíona den chéad scoth.

Baineadh iad le linn na hoíche agus deineadh, nó - chun é a rá níos bailí - déanfar, fíon speisialta - fíon oighir - as an sú.

Cé nár aimsigh mé aon téarma oifigiúil dó, ceapaim gur fíon oighir an leagan is beaichte - ar an ábhar go bhfuil an múnla céanna ag an téarma comhthreomhar i dteangacha eile: Eiswein, vin de glace, vino de hielo, isvin, ice wine. Ní ábhar siocthareoite atá i gceist ar aon nós - amhail uachtar reoite - ach táirge a dhéantar arb é a bheith ina réamhriachtanas dá bhunábhar, na fíonchaora, a bheith reoite i dtosach an phróisis táirgeachta.

Leis an teideal fíon oighir a thuilleamh tá sé de riachtanas:
1. go mbaintear na fíonchaora faoi -7°C de theocht (uasteocht),
2. agus go bpreasáiltear iad sa chantaoir fíona faoi -7°C de theocht freisin
3. go bhfuil 125° ar a laghad ag an sú ar an scála Oechsle.

Sainíonn an scála Oechsle anseo sa Ghearmáin tiúchan na n-ábhar tuaslagtha, tiúchan an tsiúcra go príomha, agus dá airde an chéim Oechsle is ea is fearr an sú agus, mar thoradh ar sin, an fíon.

Toisc an t-uisce a bheith reoite le linn na preasála fanann cuid mhaith de sa chantaoir fíona agus is dlúithe an sú a scagtar amach as - agus is í sin sainghné an fhíona oighir.

Baineadh céim Oechsle de thart ar 200° amach i mbliana agus tá na saothraithe fíniúna ag súil leis go mbeidh ábhar fíona den scoth ar na bacáin, nó ag coipeadh leis sna barriques, ar ball.

An rud is annamh is daor: cosnaíonn buidéal 0,35l fíona oighir le caighdeán inghlactha thart ar 20€.

4 comments:

  1. "siocfaidh ár lá!"

    Tá ár lá sioctha anseo i gCorcaigh - ní féidir linn tiomáint fé láthair, tá na bóithre chomh sleamhain dainséarach sin.

    Fröhliche Weihnachten agus athbhliain fé mhaise duit.

    ReplyDelete
  2. Agus beannachtaí an tséasúir uaimse,freisin, a Ormondo...:-)

    ReplyDelete
  3. Tá “sú an eorna” ann. Is cosúil go bhfuil “sú an oighir” ann freisin. Is saghas spécialité de chuid na bhfiniúnacha i mBritish Columbia é, agus tá sé thar a bheith daor. Prost!

    ReplyDelete