Cad é bhur dtuairim faoin ngrianghraf thuas?
An é seo an míniú ar a bhfuil le feiscint ann: "taca an ama seo den bhliain cuirtear caipín dearg le maisiú fionnaidh bháin ar bharr halla na buirge"? An leagan oifigiúil, an ea, agus gan i ngach leagan eile ach teoiric chomhcheilge, mar a déarfadh an t-iriseoir neadaithe?
An mbeidh éad ar Dhaidí na Nollag agus é ag dáileadh na mbronntanas Oíche Nollag?
An imeoidh sé fiú ón áit seo gan na bronntanais a bheith dáilte amach aige - cé is moite de leagan nó dhó de Fhótóseap, b'fhéidir?
An é seo an fhírinne lom, nó an é - i gcead don Chairdinéal - an fhírinne le caipín dearg?
Photoshop abú!
ReplyDeleteIs dóigh liom go bhfuil fear na féasóige báine breá eolach ar mhodh na comhcheilge...:-)
ReplyDeleteB'fhéidir go bhfuil píosa de bhreis le cur leis an scéal...
ReplyDelete