Saturday, December 12, 2009

Caipín na Nollag ar an Rathaus (?)

Cad é bhur dtuairim faoin ngrianghraf thuas?

An é seo an míniú ar a bhfuil le feiscint ann: "taca an ama seo den bhliain cuirtear caipín dearg le maisiú fionnaidh bháin ar bharr halla na buirge"? An leagan oifigiúil, an ea, agus gan i ngach leagan eile ach teoiric chomhcheilge, mar a déarfadh an t-iriseoir neadaithe?

An mbeidh éad ar Dhaidí na Nollag agus é ag dáileadh na mbronntanas Oíche Nollag?

An imeoidh sé fiú ón áit seo gan na bronntanais a bheith dáilte amach aige - cé is moite de leagan nó dhó de Fhótóseap, b'fhéidir?

An é seo an fhírinne lom, nó an é - i gcead don Chairdinéal - an fhírinne le caipín dearg?

3 comments:

  1. Is dóigh liom go bhfuil fear na féasóige báine breá eolach ar mhodh na comhcheilge...:-)

    ReplyDelete
  2. B'fhéidir go bhfuil píosa de bhreis le cur leis an scéal...

    ReplyDelete