Saturday, January 16, 2010

Gabh mo leithscéal, ach... welche Sprache lesen Sie da?

Bhí an leabhar thuas á léamh agam inné agus mé ag comaitéireacht liom mar is gnáth - is serb cach gnáth - san s-bahn.

Cheannaigh mé an leabhar céanna anuraidh i 6, Sráid Fhearchair, áit a ndéanaim sciuird isteach ann go rialta ó bhliain mo Ghael-Athbhreithe i leith agus mé ag taisteal ón aerphort tríd an ardchathair ar mo shlí ó dheas. Bhí an siopa eile i 56-58, Sráid Dhásain riamh anall ar mo chúrsa taistil. Is fíor go bhfuil Amazon & Cuid. ann - agus bainim úsáid fhonnmhar as a leithéid - ach mar an gcéanna is breá a bheith i siopa leabhar, na leabhair a bheith idir lámha agam agus iad a thabhairt liom láithreach bonn más mian liom.

Réimse leabhar a bhí uaim idir leabhair fhaisnéise sa "lárchanúint" agus leabhair sa teanga dhúchais. Is amhlaidh go bhfuil dhá thrá i gcríoch na Gaelainne agus is fearr an dá thrá sin a fhreastal.

Sraith léachtaí faoi éirí amach na bliana 1798 atá sa leabhar a foilsíodh sa bhliain 1998. Léirítear gné faoi leith i ngach ceann de na léachtaí. Stair ghruama nach mbainfinn mórán taitnimh as í a léamh, cheap mé ar dtús. Ach a mhalairt ar fad atá fíor: nochtar toisí suimiúla den scéal nach raibh aon chur amach agam orthu go dtí seo.

D'fhulaing stair imeachtaí na bliana 1798 le fada faoi scáth bholscaireacht na mbuaiteoirí agus a gcúntóirí. De réir na bolscaireachta b'aislingigh neamhréadúla - agus, de bharr sin, baolacha - iad Na hÉireannaigh Aontaithe agus iad den tuairim bhréagach go dtiocfadh leo poblacht neamhspleách ar dhéanamh na bpoblachtaí nua san Fhrainc agus sna Stáit Aontaithe a bhunú in Éirinn a bheadh saor ón seicteachas agus nuair a deineadh iarracht an aisling neamhréadúil a chur i gcrích níor éirigh leo ach an chosmhuintir a ghríosadh chun sléachtanna seicteacha...

Cé go raibh cúrsaí sa tír ó thaobh an tseicteachais de leochaileach go leor ag an am ba iad na húdaráis i mBaile Átha Cliath a chuir an lasóg sa bharrach i gcúrsaí seicteachais leis an bpoblacht a scoilt ar bhonn religiúin. D'fheidhmigh an Eaglais Chaitliceach mar chúntóir an rialtais de bharr margadh a bheith déanta eatarthu faoi bhunú an choláiste i Maigh Nuad sa bhliain 1795.

Gan amhras, bhí an scéal ní ba chasta ná sin.

Ar aon nós agus mé sáite istigh i seanstair shuaite na hÉireann chuala mé guth ó mo thaobh clé anall ag fiafraí i gcanúint na Baváire: an miste leat a rá liom cén teanga í ina bhfuil an leabhar sin scríofa?

"Gälisch", a d'fhreagair mé.

Ceapann formhór na ndaoine abhus gurb é an Béarla Éireannach a bhíonn i gceist nuair a chloistear "Irisch" nó "Gälisch". Is mór an ábhar iontais é dóibh nuair a mhínítear dóibh gur teanga de shliocht eile ar fad atá i gceist.

3 comments:

  1. Leabhar eile le cur ar mo liosta! Go raibh maith agat, a Ormondo. Léargas suimiúil ansin uait.

    ReplyDelete
  2. Spéisiúil. An dá rud, do léamhsa ar na hÉireannaigh Aontaithe, agus easpa tuisceana na Mór-Rannach (ní hiad na Gearmánaigh amháin a dhéanann an botún seo) don rud is Gaeilge ann, ag teacht le mo thaithí féin.

    ReplyDelete
  3. Léirítear gnéithe den stair (cúlra na haislinge ina measc) sa leabhar seo, a chairde, a raibh deacrachtaí agam - caithim a admháil - iad a réiteach ar dtús leis a raibh ar eolas agam go dtí seo. Thar a bheith suimiúil.

    ReplyDelete