Saturday, January 9, 2010

sluaistí sneachta mar earraí iompórtála?


Fiú amháin sna tíortha a bhfuil seantaithí acu ar an sneachta tá an grean agus an salann ag dul i léig de réir mar atá an aimsir reoite ag sleamhnú i bhfaide.

Pé scéal é, más buan mo chuimhne tá an uirlis thuas go hiomlán de dhíth ar thír mo bhreithe.

Ní lorg an charbóin san aer ach loirg na gcos sa sneachta is cás linn anois in am an fhuaraithe dhomhanda. Leis an uirlis thuas is féidir - ar a laghad ar bith - an sneachta a bhrú anuas ón gcosán. Agus - gan a bheith ag brath ar an bhfear thall - dá ndéanfadh gach éinne a stráice féin a choimeád saor ó shneachta thiocfadh le cách an cosán a úsáid.

An mbeadh tóir ar an uirlis chéanna in Éirinn?

7 comments:

  1. Bheadh agamsa! Rinne mé mo dhícheall le scuab agus sluasaid, ach ...

    ReplyDelete
  2. Le scuab!?

    Nach eol duit an seanfhocal?

    Ní hé lá an sneachta lá na scuab!

    ;-)

    ReplyDelete
  3. Arra, Ní féidir Páidí a sharú nuair atá obair sluaisteála i gceist. Féach anseo:

    http://www.youtube.com/watch?v=8oqBEO4I-kk

    ReplyDelete
  4. am an fhuaraithe dhomhanda Ahem. Ní domhanda atá an fuacht seo. Tá sé 54° / 12° anseo i Seattle anois díreach. Tá's agat an seanrá faoin teirmiméadar: thíos seal agus thuas seal!

    ReplyDelete
  5. @ Míshásta: GRMA as an bhfíseán. Bhí sé dearmadta agam gurbh ann d'amháin na sluaiste.

    @ Dennis: "am an fhuaraithe dhomhanda". Arra, níl ann ach áibhéil bholsaireachta ar son na sluaistí sneachta. Pé scéal é, tá sé níos teo agaibhse ná i Bismarck, Dakota ó thuaidh: -30°C bbbrrrrrrr!

    ReplyDelete
  6. Is maith liom an frása sin 'an aimsir reoite ag sleamhnú i bhfaide'...:-)

    Maidir le 'a stráice féin a choimeád saor ó shneachta', tá a fhios agam go raibh daoine sa tír seo in amhras faoi chúrsaí árachais dá nglanfadh siad a gcosáin, ach tá an t-amhras sin leáite (ahem) ag John Gormley anois...

    ReplyDelete
  7. Sea, ach tá na Bismarckaigh cleachta leis sin, na créatúir. Tá muid i bhfad níos leochailí anseo ar an gcósta.
    ;-)

    ReplyDelete