Wednesday, January 27, 2010

tairngreacht an mhórchnagaire bhric...

Fáilte ar ais!




Fuaim mar rois urchar, fuaim thur, fuaim tholl. Ní chloistear an fhuaim siúd go ró-mhinic an tráth seo den bhliain. Ach chuala mé í ar maidin agus mé ar mo shlí tríd an aer sioctha.

An cnagaire!


Is cuimhin liom gur fhan mé i mo sheasamh uair amháin (cúpla bhliain ó shin) agus gur éirigh liom foinse na fuaime a aimsiú, rud nach éasca a dhéanamh i gcónaí de bharr é a bheith ag cnagaireacht agus ag mac-cnagaireacht "sna ceithre hairde fichead" nuair a bhíonn an cnagaire ag cnag-cnag-cnagadh.

"Rugadh san éacht orm!" B'shin an dreach a bhí ar a... a aghaidh, abraimis.

"Agus is cuma liom den domhan!" B'shin an chuma ar an súil shoibealta a bhí ag tabhairt súil fhiata anuas orm.

Pé scéal é, chuir an rois chnagaireachta i gcuimhne dom gur chuala mé Éamon de Buitléar ag rá ar Adhmaidin le déanaí go raibh an mórchnagaire breac dúchasach arís in Éirinn le cúpla bhliain anuas.

D'imigh an cnagaire as san ochtú haois déag nuair a leagadh na coillte. Níorbh fhada ina dhiaidh sin go raibh an Ghaelainn ag meath go trom.

Ach anois tá sé fillte abhaile! Seans gur ní dea-thuair sin, nach ea?

6 comments:

  1. An-dea-scéal é sin! Tá cnagaire de shaghas éigin le cloisteáil abhus anseo i Seattle ó am go ham freisin. Ach ní maith an rud é sin i gcónaí! Tá teach creatadhmaid ag na comharsana anseo. Rinne ceann de na héin seo chuid mhaith damáiste don adhmad an bhliain seo caite. Chuala mé é uair nó dhó, cosúil le haerchasúr beag. Dúirt an comharsa liom ina dhiaidh sin nach ar thóir feithidí san adhmad a bhí an fear beag seo, ach ag fógairt do shaol na gcnagairí go raibh bean ag teastáil uaidh. Thaitin acoustics an tí sin leis, de réir dealraimh.

    ReplyDelete
  2. O, agus is maith liom an léaráid a rinne tú don bhlagmhír seo!

    ReplyDelete
  3. GRMA!

    Is iomaí teach creatadhmaid atá anseo ach níor chuala mé riamh gur dhein cnagaire ionsaí orthu.

    Aisteach go leor, ach is ar na tithe le haghaidheanna as plástar is mó a ndéannan na cnagairí dochar dóibh.

    ReplyDelete
  4. Sin iontach ar fad caithfidh mé éisteacht amach don chnagaire an chéad uair eile atáim i measc crann. Níor chuala ceann ariamh roimhe.
    Is dóigh gur cuma leo crann dúchas nó gallda? Is é sin le rá bheidís sásta i gcoillte péine?

    ReplyDelete
  5. ó agus tagaim le Dennis. Léaráid ana-ghalánta atá cruthaithe agat ansin.

    ReplyDelete
  6. Feictear go minic iad ar chrainn dhuillsilteacha. Is dócha gur fearr leo na tamhain loma.

    ReplyDelete