Saturday, April 17, 2010

an bhfuil gá le rabhadh sláinte ar an mBéarla?

(Brollach: Bheadh comhbhá go deo agam le páistí bochta le fíordheacrachtaí foghlama acu. Ní hiad atá i gceist anseo.)

Bhí me ag éisteacht le podchraoladh ó RnaG inné dála an scéil, nach bhfuil meath millteanach tagtha ar líon na bpodchraoltaí a chuirtear ar fáil ag RnaG, murab ionann agus a gcuirtear fós ar fáil ag RTE an Bhéarla d'ainneoin go bhfuil na mílte, mílte craoltóirí ar fud na cruinne, agus a bhfuil teacht orthu ar an idirlíon, ag freastal ar phobal labhartha an Bhéarla?

Is é an achoimre atá ag dul leis:

  • Ó Roinn na Gaeilge i gColáiste Mhuire Gan Smál Máire Ní Neachtain ag labhairt faoi go bhfuil beagnach 2,300 scoláire díolúine gan an Ghaeilge a dhéanamh do scrúdú na hArdteistiméarachta i mbliana mar gheall ar dheacracht foghlama ar nós dyslexia.

Agus seo sliocht as:

„Beidh beagnach dhá mhíle trí chéad scoláire nach mbeidh gá dóibh Gaeilge a dhéanamh san Ard-Teistiméireacht i mbliana mar gheall ar dheacrachtaí foghlama ar nós disléicse agus eile ach mar sin fhéin tabharfaidh míle trí chéad de na scoláirí sin aghaidh ar scrúdaithe i dteangacha eorpacha eile seachas an Béarla, teangacha ar nós Fraincíse, Gearmáinise agus eile agus tá sé sin ag déanamh imní do go leor leor duine agus go deimhin tá daoine ag coipeadh faoi...


Leantar ar aghaidh ansin le hagallamh le bean ó Choláiste Mhuire Gan Smál agus cuirtear roinnt cheisteanna suntasacha i rith an agallaimh sin:

Is cosúil nach mar a chéile disléicse i bhFraincís agus i nGearmáinis, agus i nGaeilge?


...cuir i gcás go bhfuil scoláire ón nGaeltacht ann agus go raibh deacrachtaí foghlamtha aige leis an mBéarla, an bhfuil sé ceadaithe gan scrúdú Béarla a dhéanamh?“

De réir dealraimh, ní bhíonn gá le díolúine dá leithéid ag daltaí ón nGaeltacht. An ionann é sin is a rá go bhfuil bac ar fhoghlaim de chineál éigin ann agus gur le pobal labhartha an Bhéarla amháin a bhaineann sé?

Amhail an bhean a gcuirtear agallamh uirthi thuas, bíonn drogall ar dhaoine cinntí agus, ina dteannta sin, gairmiúlacht na siceolaithe a cheistiú go poiblí mar is daoine le cáilíochtaí as réimse na n-eolaiochtaí iad na siceolaithe céanna. Ar an mbonn sin, is iondúil go mbíonn aitheantas eolaíoch dlite do cibé diagnóis a dhéanfaidis i dtaobh riachtanais diolúine i gcás scoláire éigin.


Má ghlactar leis, áfach, nach cuí a bheith in amhras faoi ghairmiúlacht na siceolaithe ar an ábhar go n-oibríonn siad ar bhonn daingean eolaíoch proifisiúnta níl an dara rogha againn ansin – más réasúnaithe ionraice sinn – ach iomlán na gcinntí de chuid na siceolaithe céanna a mheas faoi mar a dhéanfaí le torthaí gach aon taighde eile a bhféadfaí a rá ina thaobh go raibh sé in ainm a bheith déanta ag daoine gairmiúla a bhfuil bailíocht a saothair bunaithe ar a n-oiliúint eolaíoch.

Ach má ghlactar le bailíocht na dtorthaí a thug na siceolaithe chun solais, ní féidir - i measc na dtátal uilig ar féidir a bhaint astu - tátal amháin a sheachaint atá thar a bheith scanrúil: déanann an Béarla dochar millteach do chumas foghlama de chéatadán suntasach scoláirí na Galltachta!

I bhfianaise na bhfigiúirí sin, b'fhéidir gur chóir don rialtas rabhadh sláinte a fhógairt sna h-aerfoirt, mar shampla, do dhaoine gan Bhéarla a bheadh ag teacht ar inimirce chun na tíre:


Níl aon dul as, má ghlacann udaráis na tíre le fiúntas dá bhfuil tugtha chun solais ag na siceolaithe, bheidís ag déanamh faillí thromchúiseach ina gcúraimí gan rabhadh dá leithéid a chur os comhair an phobail.

4 comments:

  1. Níl a fhios agam ar chóir dom gáire a dhéanamh nó gol.

    An cuimhin leat an scéal grinn a bhí ag dul thart 5-6 bliana ó shin faoi ghalar croí agus labhairt an Bhéarla?

    ReplyDelete
  2. Ní cuimhin, ach ceapaim go bhfuil a raibh le rá ag Aonghus le déanaí mar gheall ar chúisíocht agus ar chomhghaolmhaireacht ábharach do scéal sin freisin!

    ReplyDelete
  3. @ 'nach bhfuil meath millteanach tagtha ar líon na bpodchraoltaí a chuirtear ar fáil ag RnaG'

    Aontaím go hiomlán leat, a Ormondo! Is iomaí uair a bhí mé ag iarraidh éisteacht le píosa nuachta, nó píosa ó chlár éigin, ar mhian liom é a chloisteáil arís, nó píosa a scriobh faoi, b'fhéidir, agus ní raibh mé in ann theacht air sna podchraoltaí.

    Dá dtarlódh a leithéid, agus mé ag éisteacht le Pat Kenny nó Gerry Ryan, mar shampla, bheinn in ann theacht ar an bpodchraoladh beagnach ar an bpointe. Ní thuigim!

    @'bíonn drogall ar dhaoine cinntí agus, ina dteannta sin, gairmiúlacht na siceolaithe a cheistiú'

    B'fhéidir gur ansin atá an fhadhb!

    Bhain mé sult as d'alt, a Ormondo...;-)

    ReplyDelete
  4. GRMA, a Áine.

    Maidir leis na podchraoltaí, is deacair a ghlacadh leis gur Adhmhaidin an t-aon chlár amháin atá fágtha a gcuirtear podchraoltaí de ar fáil.

    ReplyDelete