Wednesday, April 28, 2010

dúisigh!

Píosa beag bríomhar é seo a chum an snagcheoltóir Gearmánach Tilmann Dehnhard. Chuala mé é ag ceolchoirm le déanaí.

Seinntear ar fhliúiteog é. Níl an fhliúiteog ina h-aonar, áfach. Mar thionlacan tá clog aláraim aici.



Wake Up! agus ní Wach Auf! a cuireadh air d'ainneoin gur geall le comhionann an leagan Gearmánach leis an leagan Béarla.

Cén fáth sin, dar libh?

3 comments:

  1. Suimiúil...agus níl a fhios agam cén fáth 'Wake Up'!

    ReplyDelete
  2. Is teanga fhaiseanta idirnáisiúnta é an Béarla!

    ReplyDelete
  3. Táim beagnach cinnte go bhfuil an clog aláraim ceannan céanna agamsa sa tseomra leapan. Níor thaitin a ghlór riamh liom ach ar mh'anam tá sé i bhfad níos binne ná an fhliúitearacht damanta úd.

    ReplyDelete