Saturday, April 3, 2010

éin agus uibhe...


Agus an Cháisc ar leac an dorais againn bhí taispeántas agus díolachán ubh maisithe ar siúl i gcathair bheag sa cheantar le déanaí a raibh mná an teaghlaigh i láthair ann agus i measc na n-ubh a bhí le ceannach ann - agus ar dheineadar grianghraf díobh - bhí na cinn thuas.

Thug mé suntas faoi leith do na huibhe siúd mar níorbh fhios dom go dtí sin gurbh fhéidir bróidnéireacht a chur ar ubh. Séard a dhéantar ar dtús ná poill bheaga a tholladh ar chaoi éigin sa bhlaosc agus ansin an íomhá a fhuáil isteach ann - go h-an-chúramach ar fad, déarfainn.

Faoi mar atá le feiscint thuas tá praghas de € 285,- ar an gcoileach, agus ní féidir leis an ulchabhán, de réir dealraimh, é a chreidiúint.

Dá gcaithfinn ceann a cheannach, cheannóin an cruidín. Sea, an cruidín: an t-éan dúchasach leis an dathú iontach andúchasach.

4 comments:

  1. @ 'Séard a dhéantar ar dtús ná poill bheaga a tholladh ar chaoi éigin sa bhlaosc agus ansin an íomhá a fhuáil isteach ann - go h-an-chúramach ar fad, déarfainn.'

    Cuireann sé iontas orm na bealaí, agus an tallann, a bhíonn ag daoine a leithéid a dhéanamh, a Ormondo – tá cuma iontach ar an obair seo. Go raibh maith agat as na huibheacha sin a thaispeáint dúinn.

    Is léir nach bhfuil siad, ahem, craiceáilte…

    ReplyDelete
  2. Bheadh sé ró-dhian ar an sparán, a Áine, a bheith craiceáilte sa ghnó sin... :-)

    ReplyDelete
  3. Dochreidte! Dála an scéil, an uibheacha gé iad sin?

    ReplyDelete
  4. B'uibheacha gé iad. Tá an ceart agat, a Dhennis.

    ReplyDelete