Monday, April 12, 2010

oilíonr@ na gaelainne... ?

Am éigin sa dara leath den naoú haois déag tharla sé nach raibh na ceantair Ghaeltachta teorantach le chéile a thuilleadh. Ón am sin ar aghaidh, is geall le hoileánra é domhan na Gaelainne sa tslí go bhfuil na ceantair agus na cainteoirí scaipthe amach óna chéile.

Mar is eol don saol, bhí Gaelainn ón gcliabhán fós beo sa chéad leath den fhichiú haois i gceantair éagsúla taobh amuigh de Ghaeltachtaí reatha an lae inniu. Taobh amuigh de limistéar comhdhlúite amháin, áfach, ní raibh i gceist anseo ach pócaí beaga a bhí scartha amach óna chéile. Má chuimhnítear ar na cainteoirí dúchasacha aonaracha, an domhan Gaelach ag coscairt thart timpeall orthu agus iad báite go hiomlán, geall leis, i saol an Bhéarla, is amhlaidh is féidir an bua a bheadh san idirlíon dóibh siúd a shamhlú.


1940? 1950? 1960?


Mar sin, i bhfianaise an dochair ó thaobh mheath na teanga de a dhein easpa acmhainní cumarsáide i measc na gcainteoirí siúd is fearr is féidir buntáiste an naisc thorthúil idir an teanga ársa agus an teicneolaíocht nua do lucht na Gaelainne sa lá inniu a mheas.

Is amhlaidh ansin go bhfuil saol na Gaelainne cosúil le hoileánra agus go leor ball den oileánra sin nasctha le chéile go fíorúil trí mheán an idirlín, ach cad ba chóir a chur ar an neach leictreonach céanna a cheanglaíonn lucht na teanga le chéile nuair is mian leo: oilíonr@, mar shampla?

Agus is dlúthchuid den oilíonr@ samhailteach sin an bhlagtacht, mar a déarfá, ar pléadh gnéithe éagsúla di le déanaí ar bhlag Mise Áine, mar shampla.

Agus tá borradh ag teacht faoi, de réir dealraimh.

3 comments:

  1. Alt siumiul. Tiobraid Arainn bocht! Cen fath an gceapann tu go bhfuil borradh ag teacht ar bhlagadoireacht na Gaeilge. Feicim go bhfuil go leor blaganna Gaelacha ann, ach ar an gcuid is mo doibh ni chuirtear suas teachtaireachtai nua ach o am go ham. John

    ReplyDelete
  2. Ach tá go leor ann a mbíonn teachtaireachtaí nua iontu go minic - breis is fiche le haghaidh na míosa. Is ar éigean a mbíonn deis agam ach cuid bheag díobh a léamh.

    ReplyDelete
  3. An rud faoin mblagáil, i mo thuairim, ná go bhfuil daoine ag léamh na mblaganna, fiú mura bhfuil siad ag fágáil teachtaireachtaí - lurkers a thugtar orthu, más buan mo chuimhne - agus tá sé sin ag tarlú is cuma blag Béarla nó blag Gaeilge ann, a John.

    An-alt, a Ormondo, agus creidim féin go gcoinníonn na blaganna méid áirithe daoine i dteagmháil lena bhfuil ag tarlú fud fad an domhain, i dtuairimí an scríbhneora Gaeilge, ach é déanta ar bhealach neamhfhoirmiúil, amhail is dá mbeadh comhrá ann.

    Agus nach iomaí comhrá, le triúr nó ceathrar sa chomhluadar, ina mbíonn daoine nach dtugann tuairim ar chor ar bith? Éisteoirí a thugtar orthu siúd...:-)

    ReplyDelete