Thursday, April 22, 2010

Pastor Niemöller as faisean?



Tarraingíodh mo aird ar aistriúchán Béarla den athfhriotal aithnidiúil de chuid an diagaí Ghearmánaigh Martin Niemöller a bhí luaite i litir a foilsíodh i nuachtán le déanaí - ní cuimhin liom cén nuachtán. Le linn an Tríú Reich chuir Pastor Niemöller stair chasta de i dtaca leis an dtacaíocht a thug sé do na Naitsithe i dtús báire sular iompaigh sé agus sular thosaigh sé ansin ag cur ina n-aghaidh. Sa deireadh cuireadh i sluachampa géibhinn é ach tháinig sé slán as ag deireadh an chogaidh.


"Als die Nazis die Kommunisten holten, habe ich geschwiegen; ich war ja kein Kommunist.
Als sie die Sozialdemokraten einsperrten, habe ich geschwiegen; ich war ja kein Sozialdemokrat.
Als sie die Gewerkschafter holten, habe ich geschwiegen, ich war ja kein Gewerkschafter.
Als sie mich holten, gab es keinen mehr, der protestieren konnte."


"Nuair a ghabh na Naitsithe na Cummanaigh, d'fhan mé i mo thost; tar éis an tsaoil, ní raibh mé i mo Chummanach.


Nuair a chuireadar na Daonlathaigh Sóisialacha i mbraighdeanas, d'fhan mé i mo thost; tar éis an tsaoil, ní raibh mé i mo Dhaonlathach Sóisialach.


Nuair a ghabhadar na ceardchumannaithe, d'fhan mé i mo thost; tar éis an tsaoil, ní raibh mé i mo cheardchumannaí.


Nuair a ghabhadar mise, ní raibh éinne fágtha, a raibh ar a chumas aige agóid a dhéanamh."



Athfhriotal aithnidiúil, mar a dúirt mé, ach baineadh siar asam beagáinín nuair a chonaic mé é sa nuachtán. Cén fáth sin?

Bhuel, cé go mbíodh sé de ghnás ag polaiteoirí agus daoine eile i saol poiblí na Gearmáine é a lua ina n-aithisc agus a leithéid, rith sé liom nár chuala é le fada an lá.

Ach cá fhad ó shin?

Nílim cinnte de, ach ceapaim go bhfuil baint ag an scéal leis na himeachtaí míleata san Afganastáin agus rannpháirtíocht arm na Gearmáine iontu.

Agus, sa tslí chéanna, cad mar gheall ar na cuimhneacháin fhrithchogaidh uilig a tógadh tar éis "an chogaidh dheiridh"? Ar chóir rothaí beaga a chur fúthu agus iad a dhéanamh soghluaiste? Nuair a bhrisfeadh an chéad chogadh eile amach ba fhusa iad a bhogadh óna láithreacha ina mbíonn siad de ghnáth agus isteach i stóras go dtí go mbeifí arís i gcoinne an chogaidh.

An mbeidh an Pastor Niemöller san fhaisean as an nua lá éigin amach anseo?

Nó an binn béal ina thost?


6 comments:

  1. Nach bhfuil an dán níos faide ná sin? Is dócha is an bunsmaoineamh atá ann

    ReplyDelete
  2. Feicim nach luaitear na Giúdaigh sa leagan seo, gan trácht ar na Roma, na fir aeracha, etc. Rinne mé beagán taighde anois díreach. Is cosúil, más fíor don alt ar Wikipedia, nach bhfuil leagan údarásach den téacs ann, ó nach Niemöller é féin a chum an dán.

    ReplyDelete
  3. Bhí sé ag scoilt ribí gruaige ag cur Cummanaigh agus Daonlathaigh Sóisialacha i gcampaí éagsúla!
    Ón bhun tuiscint díobh. Ní "cumannachas" na Rúise ar ndóigh.

    Ach spéisúil mar sin féin.

    ReplyDelete
  4. An binn béal in thost? Feictear dom go mbíonn faitíos ar dhaoine labhairt amach, go minic, mar go mbíonn daoine eile ann a bhíonn de shíor ag béiceadh, agus ní dóigh leo, b'fhéidir, go gcloisfear a nglór sa challán!

    Agus sin muid, ar ais ag tús an scéil arís...

    ReplyDelete
  5. Níor luaigh Niem&oumller na Giúdaigh ina bhunleagan.

    http://www.martin-niemoeller-stiftung.de/4/daszitat/a31

    Tá scéal casta ag an dán úd.

    Bhí difear mór idir lucht na Comhar Seilbhe agus na Daonlathaigh Sóisialta i bPoblacht Weimar. Bhí an DKP an ghar do Stailín.

    Is dócha go bhfuil an pearsan ró chasta chun laoch a dhéanamh de. Pé scéal é, is creidmheach é! Ní réitíonn sin le deachtóireacht an coibhneasachas!

    ReplyDelete
  6. @grá faoi ghruaim: b'fhéidir é ach más ea, níl ach na línte sin agam.

    @Dennis: rangú na n-íospartach, is dócha; táthar ag plé leis an gceist sin sa tír seo le fada an lá. Má dhéantar, de réir mo thuairimse, idirdhealú idir na h-íospartaigh éagsúla, cuirtear an t-iomlán ó thaobh an leorghnímh de ar neamhní.

    @Dubhaltach: bhí nimh san fheoil ag na Cummanaigh agus lucht an SPD dá chéile ag an am sin - agus riamh. Ba leathan an ribe gruaige é!

    @Áine: má tá dream éigin uilechumhachtach, nó geall leis, agus iad toilteanach cibé duine a chuireann ina aghaidh a scrios, bheinnse féin i mo thost, is dócha, faraor.

    @Aonghus: gan amhras, is casta saol an laoich! Dála an scéil, tá an ceart agat. Ba laoch é Georg Elser bocht, amr shampla, ach níor tugadh riamh an t-aitheantas ceart dó mar níor oir sé d'íomhá an laoich a bheadh caoithiúil do bhunaíocht na tíre seo.

    ReplyDelete