Saturday, April 24, 2010

Sudhauspfännle...nó painnín tí ghrúdaithe

Sudhauspfännle – Schweinelendchen auf Kräuterspätzle und Rahmsoße

Dheineas an grianghraf thuas inniu. Bhíomar i mbialann ar Gasthausbrauerei - mar a déarfá - í freisin. Séard atá i gceist ná bialann (Gasthaus) le grúdlann (Brauerei) inti, nó - má b'fhearr leat - grúdlann (Brauerei) le bialann (Gasthaus) inti. Grúdlann bheag a bhíonn i gceist go hiondúil i gcás na nGasthausbrauereien. Ní bhuidéalaítear de ghnáth an bheoir a ghrúdaítear mar is amháin i gcomhair na bialainne í. Naturtrüb nó modartha de réir nádúir, agus ní trédhearcach, a bhíonn an bheoir seo mar ní scagtar an giosta amach as.

(Bíonn bialanna in aice leis na grúdlanna móra freisin ar leis na grúdlanna iad agus ina mbíonn go h-eisiach beoir na ngrúdlann faoi seach le h-ól - ach sin coincheap eile. Brauereigaststätte a chuirtear orthu siúd go minic.)

Ar aon nós, ba bhia a bhí á chaitheamh againn inniu.


Sudhaus = teach grúdaithe

Pfännle* = painnín

Schweinelendchen = luainíní boga de mhuiceoil

auf = ar

Kräuterspätzle: Kräuter = luibheanna; Spätzle** = spétsle! (pasta na Suáibe)

und = agus

Rahmsoße = anlann uachtair.

Pfännle* / Pfanne = panna: mar iarmhír an dhispeagtha úsáidtear -lein-chen i gcaighdeán oifigiúil na Gearmáinise ach i gcanúintí an deiscirt úsáidtear -le, nó -li san Eilbhéis.

Mar is eol, nuair a bhíonn tachrán míshásta déanann sé a liopa íochtarach a ghobadh amach. Tá cor cainte i gcanúint na Suáibe don chomhartha mishástachta sin: das Kind macht ein Pfännle. Déanann an tachrán painnín.

Spätzle** / Spatz = gealbhan: cuirtear "gealbhainíní" ar an gcineál pasta seo ar speisialtacht na Suáibe é.

Itear an Sudhauspfännle go díreach as an bpanna, agus d'ith mé!

7 comments:

  1. Tá ocras (agus tart) orm anois.

    Cuma blasta air.

    ReplyDelete
  2. Bhí sé go han-bhlasta ar fad, an t-anlann ach go h-áirithe agus na spétsle ar maos ann!

    Agus is breá boladh na leannlusanna sna polláirí, fiú nach bhfuil fonn beorach ort go díreach ag an am.

    ReplyDelete
  3. Aontaím le hAonghus! Hmm ... cad é atá mé ag ith anocht?

    ReplyDelete
  4. Is breá liom Spätzle!!!

    Dála an scéil, scríobh mé faoi mo bhéile Hawaiiach anocht sular léigh mé an bhlagmhír seo. Is léir gur ar an tonnfhad céanna a bhí muid inniu!
    :-)

    ReplyDelete
  5. Bhí an béile a bhí agat beagán ní ba chasta ná an ceann a bhí agamsa!

    ReplyDelete
  6. Tá sé ag teacht chun am lón anois, agus cuireann seo ocras sa bhreis orm. Agus níl le hithe agam ach ceapairí.. :(

    ReplyDelete