Thursday, June 3, 2010

daonáireamh na bliana 1901 agus an ghaelainn...

Ba lá saoire an lá inniu sa Ghearmáin sna ceantair le pobal suntasach Caitliceach agus bhí deis agam dá bharr dul i mbun mo shinsir a chuardach i ndaonáireamh na bliana 1901 a cuireadh ar fáil ar láithreán na Cartlainne Náisiúnta an tseachtain seo. Leis an mbeagáinín cleachta ó bheith ag cuardach i ndaonáireamh na bliana 1911 tháinig mé gan mhoill ar iontrálacha mo sheantuismitheoirí. Leid: más é go raibh ainm neamhchoitianta ag duine éigin sa teaghlach, déan cuairt an ar ainm sin i dtús báire agus sa tslí sin ní bhfaighidh tú liosta ró-fhada mar thoradh ar an gcuardach.

Shonraigh sin-sheanmháthair amháin ó thaobh na máthar arbh as iarthar an Chláir í gur chainteoir Gaelainne í. Mar an gcéanna le sin-sheanmháthair amháin ó thaobh an athar arbh as Inis Céin i gContae Corcaigh í. Tógadh ceann de na sin-seanaithreacha in oirthear chontae Corcaigh i bhfoisceacht cúpla míle don chathair agus cé gur chuir sé síos i 1901 go raibh an Ghaelainn aige, níor dhein sé tagairt di sa bhliain 1911.

Déanaim tagairt do na sonraithe siúd ar an ábhar go bhfuil siad ag teacht go maith leis an léarscáil aitheanta úd a léiríonn dáileadh na teanga sa bhliain 1871.



Na sin-seantuismitheoirí eile dom - bhí na sin-sin-seantuismitheoirí sa teaghlach i dteannta leo fiú - a raibh cónaí orthu sa taobh sin de chontae Luimnigh a bhfuil an ceantar bán ag gobadh isteach ann sa léarscáil thuas, ní raibh aon Ghaelainn acu de réir na faisnéise a chuireadar ar fáil sa daonáireamh.

De réir na faisnéise a chuireadar ar fáil sa daonáireamh, a scríobh mé agus is dóigh liom gur sin gné thabhachtach den scéal. I ndeireadh na dála, rugadh na daoine ba shine sa teaghlach sna blianta 1835 agus 1841 faoi seach agus caithfidh go raibh an Ghaelainn beo fós sa taobh sin tíre le linn a n-óige.

Cérbh iad na ceannfháthanna a bheadh ag daoine le linn na tréimhse sin freagra cruinn, nó míchruinn más ea, a thabhairt faoina gcumas sa Ghaelainn agus an t-athrú teanga beagnach tagtha i gcrích faoin am céanna: lagchroí, náire, éirí in airde, rómánsachas, praiticiúlacht, pragmatachas, mórtas cine, nó an t-ionracas lom seanfhaiseanta (creid nó ná creid, ba ann dó mar luach ann féin tráth dá raibh!), fiú?

An bhfuil litríocht ar fáil a phléann leis an gceist seo?

1 comment: