D'ainneoin an bhratach a bheith "droim ar ais" agus ach Francach amháin ar an bpáirc, cuireadh babhta nua den sága leis an lámh agus an liathróid i láthair tráthnóna inniu.
An bhfaca sibh an dara cúl de chuid Fabiano i gcomhair na Brasaíle? Theagmhaigh a lámh leis an liathróid faoi dhó agus é i mbun an cúl a aimsiú - agus an moltóir dall air.
Cad ba chúis leis? Cá bhfios ach b'fhéidir go raibh deatach ag brúchtadh amach as na vuvuzela-anna agus nach bhfacamar é?
Dá mba é, bheadh míniú ag Irene Dunne air.
Tá siad lúth agus lámhach, gan dabht...;-)
ReplyDeleteIs maith liom an t-amhrán sin. Nior chuala mé é le fada. Maith thú!