Saturday, June 12, 2010

einen Käseburger bitte...




... nó "burgar le cáis, le d'thoil."

Tráth dá raibh, nuair nach raibh an Béarla chomh feiceálach abhus agus atá sé sa lá inniu, bhíomar tráthnóna amháin sa tábhairne agus i dteannta linn bhí cara dom as Nua-Eabhrac a bhí ar cuairt anall ag an am sin. Bhí an duine céanna tar éis tosnú ar an nGearmáinis a fhoghlaim agus bhí sé go han-díograiseach.

Níos déanaí san oíche, tháinig ocras air agus chuaigh sé amach chun rud éigin a fháil.

Nuair a d'fhill sé deich nóiméad ina dhiadh sin, ba ar éigean go raibh sé in ann an scéal a insint linn agus é ag pléascadh ar gháire.

"Chuaigh mé isteach san áit siúd ar an taobh eile den tsráid agus dúirt mé leis an mbean mheánaosta a bhí taobh thiar den chúntar, ich möchte gern einen Käseburger, bitte (ba mhaith liom burgar le cáis, le d'thoil)," a dúirt sé. "Samhlaigí cad a d'fhreagair sí! Oh, es tut mir leid, aber wir haben keine Käseburger, nur Hamburger und Cheeseburger (tá brón orm ach níl aon bhurgar le cáis againn, níl againn ach hamburger agus cheeseburger)."

6 comments:

  1. Sin na mná meánaosta agat...

    Is maith liom dath nua do bhlag...:-)

    ReplyDelete
  2. Bhí an "chulaith" eile á caitheamh agam le bliain anuas agus tá sé anois ag an "nglantóir". ;-)

    ReplyDelete
  3. Tá an galar ag leathnú Public Viewing ag Scáthán an Lae i mBeirlín: a faire ar chaid le cairde.

    ReplyDelete
  4. Tá a lán Béarla le feiceáil i mBerlin ach níor thuig mise i gcónaí cad a bhí i gceist acu

    ReplyDelete
  5. Ní Béarla atá ann, ach Denglish!

    ReplyDelete