Sunday, June 20, 2010

déjà-vu...?


D'ainneoin an bhratach a bheith "droim ar ais" agus ach Francach amháin ar an bpáirc, cuireadh babhta nua den sága leis an lámh agus an liathróid i láthair tráthnóna inniu.

An bhfaca sibh an dara cúl de chuid Fabiano i gcomhair na Brasaíle? Theagmhaigh a lámh leis an liathróid faoi dhó agus é i mbun an cúl a aimsiú - agus an moltóir dall air.

Cad ba chúis leis? Cá bhfios ach b'fhéidir go raibh deatach ag brúchtadh amach as na vuvuzela-anna agus nach bhfacamar é?

Dá mba é, bheadh míniú ag Irene Dunne air.




1 comment:

  1. Tá siad lúth agus lámhach, gan dabht...;-)

    Is maith liom an t-amhrán sin. Nior chuala mé é le fada. Maith thú!

    ReplyDelete