Tuesday, November 23, 2010

angela merkel a dó: léaró dóchais do fhianna fáil...?


Bhíos ag léamh ar an idirlíon inniu go raibh Máire Ní Ainifín i measc na ndaoine a bheidh san iomaíocht nuair a roghnófar an té a bheidh le teacht i gcomharbacht ar Bhrian Ó Comhain mar cheannaire ar Fhianna Fáil.

Ní drochrogha a bheadh inti ón méid atá ar eolas agam fúithi.

Tá scoth na Gaelainne aici agus is slat tomhais maith é sin, dar liom, agus cruthúnas san áireamh go bhfuil cumas agus intleacht ag an duine i gceist agus go bhfuil níos mó ná an cur-i-gcéill coitianta taobh thiar den ghnáth bla-bla-bla an pholaiteora.

Nuair a roghnaíodh Angela Merkel deich mbliana ó shin mar cheannaire ar pháirtí an CDU ba mar réiteach eatramhach a deineadh é...

Mar is eol, tá sí fós ina ceannaire ar an bpáirtí agus ina Seansailéir na Gearmáine san áireamh.

Ní fheicim faoi láthair aon duine eile i bhFF a bheadh chomh láidir le Máire.

Ach chaithfeadh sí ruaig a chur ar na bó-airí go léir atá thart timpeall uirthi sa pháirtí.

4 comments:

  1. Cad is ceannaire de neamhpháirtí ann?

    B'fhéidir go bhfuil scoth na Gaeilge aici, ach cuimhníonn lucht na Gaeilge an chaoi ar láimhseáil sí ionsaí an Roinn Éadóchais ar thumoideachas sna Gaelscoileanna!

    Puipéad polaiteora den chéad scoth atá inti.

    ReplyDelete
  2. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  3. De réir dealraimh, is beag an t-eolas atá agam fúithi!

    ReplyDelete
  4. Is é mo bharúil féin gur labhair sí ró luath; dála an nath úd faoin té a théann isteach sa chonclave mar Phápa agus a thagann amach mar Chairdinéil.

    Pé scéal é silim gur cuma sa tsioc cé a bhéas i gceannas ar Fianna Fáil; agus aontaím le Dubhaltach faoi a ról san Roinn Éadóchais.

    Bhí dóchas agam nuair a labhair Brian Cowen faoin nGaeilge ag tús a théarma ach thráigh an dóchais sin sách sciobtha. Ní ón Rialtas a thiocfaidh aon gníomh fónta i leith na Ghaeilge feasta.

    ReplyDelete