Saturday, November 20, 2010

cinniúint na democrazia cristiana i ndán do fhianna fáil...?

Ar chaoi éigin chuir cur i láthair dochreidte rialtas na hÉireann le linn na seachtaine seo caite turnamh an pháirtí Democrazia Cristiana san Iodáil a tharla thart ar fiche bliain ó shin i gcuimhne dom. (Níor shrac lucht Democrazia Cristiana an Iodáil síos leo, áfach.)

Páirtí pobalach amhail Fianna Fáil a bhí sa Democrazia Cristiana agus ba chrann taca rialtas na hIodáile é ó dheireadh an dara chogaidh dhomhanda síos go dtí an bhliain 1992 nuair a chuaigh an páirtí faoi i nduibheagán na caimiléireachta (agus an mhíchumais, gan dabht) a bhí cruthaithe ag an bpáirtí féin. Díscaoileadh an páirtí faoi dheireadh.

Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil cúrsaí chomh dona sin nach bhféadann an Taoiseach ná go leor dá airí an fhírinne a fhulaingt faoi láthair agus go bhfuil na cosa beirthe leo isteach faoi dhídean na fantaisíochta.

Nó an bhfuil léamh níos fearr ag éinne ar an meon séanta siúd a léirigh an Taoiseach agus airí rialtais eile i rith na seachtaine agus an tír i mbéal na tubaiste? Agus gan ach an mantra "ní tharlóidh sé, ní tharlóidh sé, ní tharlóidh sé..." ag teacht as a mbéal acu.

Agus ná bíodh seachmall ar éinne faoi phríomhghnó an IMF agus a leithéid, mar atá airgead na mbancanna a tharrtháil beag beann ar phobal na tíre. Is féidir leosan anois agus le go leor eile nach iad nach bhfuil leas na tíre mar chloch ar a phaidrín acu a ladar a chur isteach i gcúrsaí na tíre.

Is deacair a shamhlú nach ndéanfar scrios sa chéad olltoghchán eile ar an bpáirtí atá freagrach as go bhfuil an tír féimhithe (bancbhriste) agus go bhfuil flaitheas na tíre géillte. Ar shamhlaigh de Valera riamh go mbeadh smál na hardtréasa lá éigin ar an bpáirtí a bhunaigh sé?

Agus go mbeadh Fianna Fáil ar an gconair chéanna leis an Democrazia Cristiana?

3 comments:

  1. "Agus ná bíodh seachmall ar éinne faoi phríomhghnó an IMF agus a leithéid, mar atá airgead na mbancanna a tharrtháil beag beann ar phobal na tíre. Is féidir leosan anois agus le go leor eile nach iad nach bhfuil leas na tíre mar chloch ar a phaidrín acu a ladar a chur isteach i gcúrsaí na tíre."
    +1 (mar a déarfaidís)

    Níl a fhios agam cé mhéad a chloiseann tú faoi thuairimí mhuintir do thíre na laethanta seo, ach chuirfeadh sé iontas ar an IMF féin cé chomh dóchasach atáid go ndéanfadh an IMF leas don thír agus conas a riartar é amach anseo!

    Meascán d'aineolas, suaitheadh agus de mhíchumas gan srian Fhianna Fáil is cúis leis an dearcadh iontach seo...

    ReplyDelete
  2. GRMA,a Dhubhaltaigh.

    "...ach chuirfeadh sé iontas ar an IMF féin cé chomh dóchasach atáid go ndéanfadh an IMF leas don thír agus conas a riartar é amach anseo!"

    Tá an tuairim sin feicthe agam in áit nó dhó ar an idirlíon. Céard atá ann? Dóchas dall an éadóchais? Is náireach an mhaise í do thír neamhspleách a bheith ag brath ar an bhfear thall.

    Ach nuair a fheicfidh na daoine sin buiséad an IMF i gceann cúpla seachtain beidh port eile á sheinm acu ansin.

    ReplyDelete
  3. @'beidh port eile á sheinm acu ansin.'

    Ag reeláil a bheas muid, is dócha...

    ReplyDelete