Wednesday, November 24, 2010

an maolódh úsáid na gaelainne an buille...?

Dá mbeadh iachall curtha ar bhithiúnaigh na mbeart mór airgid in am trátha a ndrochghnóthaí a dhéanamh trí Ghaelainn, ní bheadh tír na hÉireann sa staid ina bhfuil sí.

Dála an scéil, da gcuirfí anois na fíricí searbha os comhair an phobail trí mheán na Gaelainne amháin, an maolódh sin an buille, dar libh?

Nó an mbeadh an baol ann gurbh fhearr a thuigidís an Ghaelainn ná caint dubhfhoclach an f(h)ósTaoisigh?

4 comments:

  1. An cheist: an bhfuil dóigh ann ar chor ar bith le leas na Gaeilge a bhaint as an bpraiseach seo? “Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin”??

    ReplyDelete
  2. Ceisteanna maithe.

    Má tá leas le baint as, tharlódh sé go mb'fhéidir go spreagfaí gluaiseachtaí Gaeilge nach bhfuil lámh mhairbh an mhaorlathais orthu.

    ReplyDelete
  3. Gaeilge DIY? Nó DFÉ (Déan Féin É)? Gaeilge dheonach??? Yikes.

    ReplyDelete
  4. I ndeireadh an lae - cibé rud a thitfeadh amach - b' fhusa do lucht an ChAI na SUVanna a choigistiú ná an Ghaelain!

    B'fhéidir go dtiocfaidh leas as an bpraiseach don teanga ach ní tharlódh sé ar bhonn leathan. Bheadh gluaiseacht dá leithéid ag brath sa chéad áit ar na huath-theagascóirí díograise, daoine nach mbíonn ag brath ar an bhfear thall nó ar an maorlathas.

    Agus is gnáthóg fhabhrach chuidiúil an t-idirlíon do ghluaiseacht dá samhail.

    ReplyDelete