Wednesday, November 10, 2010

poipíní na síochána...?


Nuair a léigh mé an t-alt le hEoghan Ó Néill i nGaelscéal na seachtaine seo, bhí orm smaoineamh ar an ndrochghrianghraf seo a thóg mé i nDoire an samhradh seo caite. I lár an Mhuileata atá sé suite, an áit a raibh na daracha ann tráth den saol.

Mar is eol, is ag déanamh comóraidh ar na daoine a bhásaigh ar son rítheaghlach Shasana sna cogaí a raibh a arm páirteach ann a bheidh muintir Shasana amárach.

Ní deacair an meas agus an dílseacht a bhí ann riamh idir treibh agus laochra na treibhe ó aimsir Ádhaimh i leith a thuiscint. Tréith uilechoiteann an chine daonna atá i gceist anseo, gan amhras.

Ní thugtar an meas céanna do gach "laoch" sa lá inniu, áfach. Murab as treibh mhór láidir an laoch agus éide ghalánta á caitheamh aige is beag an meas a gheobhfadh sé taobh amuigh dá
dhream féin. Chun an fhírinne a rá, ní ceadmhach dó fiú a bheith ina laoch ar chor ar bith.

Bhásaigh go leor daoine ó oileán na
Éireann - gaol liom féin ina measc (1915, Bá Súvla) - go dtí an lá inniu ar son rítheaghlach Shasana. De réir ráflaí áirithe, bhásaigh ní ba mhó acu ná baill an rítheaghlaigh féin!

Tá dhá fhleasc as poipíní le feiscint sa ghrianghraf. Os cionn an chinn ar dheis tá dealbh shaighdiúra a bhfuil staidiúir an-trodach ar fad air.


Ní fheadar an bhfuil níos mó spéise ag an té sin sa chogaíocht ná sna poipíní?

3 comments:

  1. tá dealbh shaighdiúra a bhfuil staidiúir an-trodach ar fad air

    Réadúil nó gan a bheith réadúil, níl a fhios agam, ach is barbartha an dealbh í mar sin féin.

    ReplyDelete
  2. Alan Titley ar an bport céanna leat

    Meabhraíonn an dealbh úd ann rann ghrann sin dom:
    Jeder Schuess, ein Rus'
    Jeder Stoss, ein Franzoes.

    Mar a dúirt Tucholsky: Dúnmharfóirí is ea saighdiúirí.

    ReplyDelete
  3. Ceapaim go bhfuil Veterans' Day níos ionraice.

    ReplyDelete