Wednesday, November 3, 2010

scoil na fírinne i gCill Íomair...


Nuair a tháinig mé ar an scéal seo an lá cheana baineadh siar asam. Rith dhá fhocal láithreach chugam: díoma agus masmas.

Ní mór an cur amach atá agam faoi chúrsaí polaitíochta in Éirinn, ní nach ionadh, ach thug mé faoi ndeara agus mé ag léamh faoin scéal thuasluaite i mblaganna polaitiúla éagsúla inniu go bhfuil daoine áirithe ag cur i leith an nuachtáin a d'fhoilsigh an scéal nach dtabharfaí an scéal chun solais ach ar an ábhar go raibh feachtas ar siúl i gcoinne fhear na mná i gceist ag na daoine taobh thiar den nuachtán.

Bíodh sin amhlaidh nó ná bíodh – agus ní chuirfeadh sé ionadh ar bith orm dá mba amhlaidh a bheadh sé – is é an scéal féin an rud ba chóir a bheith i lár an aonaigh agus á phlé. Tá sé ró-éasca ar fad éalú as fíricí searbha a phlé trí bheith ag iarradh gnéithe tánaisteacha den scéal a tharraingt anuas i dtreo is go dtabharfadh an pobal a aird go heisiach ar na gnéithe sin. Cleas clasaiceach polaiteora sin.

Cibé ar bith é, is iad na páistí scoile is mó atá thíos leis an ndrochghnó go léir mar, de réir na dtuairiscí, do bheadh scoil nua ag teastáil go géar uathu. Agus is é an ghné sin den scéal is mó a chuireann olc orm. Leis an € 525,000 a bronnadh ar an lánúin sóisialach d'fhéadfaí, ar a laghad, athchóiriú suntasach a dhéanamh ar an scoil atá ann faoi láthair.

Leis na suimeanna millteanacha boilscithe a bhí na daoine le talamh agus leis an ádh (nó na daoine a raibh aithne acu, b'fhéidir, ar na daoine cearta) in ann a chiúthúráil amach as an státchiste agus isteach ina gcuntas bainc féin i gcaitheamh an tíogair cheiltigh d'fhéadfaí scoil nua a thógáil i gCill Íomair agus i go leor áiteanna eile le cois.

Ní dóigh liom go nglacfaidh an pobal leis nach bhfuil baint dá laghad ag an polaiteoir a luadh sa nuachtán leis an scéal. Bhí a fhios ag a lán daoine cheana féin i 2007 go raibh an geilleagar in Éirinn ar tí treascairt agus go mbeadh an stát thíos leis an ró-chaiteachas a bhí ar siúl aige.

Agus nach é gurb é a ionracas thar aon ní eile atá an polaiteoir úd ag tairiscint do mhuintir na hÉireann agus é ag súil leis go mbeidh sé ina Thaoiseach? Ní dóigh liom go dtagann seánaíchas faoi airgead na mná céile leis an sprioc ard sin i láthair na huaire.

Agus € 525,000: cá mhéad airgid atá i gceist ansin? Bhuel, d'fhéadfadh duine le meánioncam éirí as a bheith ag obair le 50 bliain gan chaillteanas.

Nó d'fhéadfá ceithre Maserati a cheannach. Agus bheadh sóinseáil nach beag fós agat.

Nó d'fhéadfá athchóiriú a dhéanamh ar sheanscoil...

17 comments:

  1. Lena ceart a thabhairt do mhná Éamoinn: Is iad Oifig na nOibreacha Poiblí a shocraigh an luach. Dhíol sí píosa talún leis an bparóiste ar luach i bhfad níos ísle chun go mbeadh faiche spóirt ag an scoil.

    Cad go díreach ab áil leat? Go mbronnadh sí an talamh saor in aisce ar an Roinn Éadóchais?

    ReplyDelete
  2. Tá sé ródhéanach anois toisc go bhfuil an bhréag amach! Is beag saoránach a chuala nó a léigh an t-alt a chur Aonghus suas. Mar sin beidh "díomá agus masmas orthu" freisin, agus fáth acu gan vóta a chaitheamh ar son Pháirtí an Lucht Oibre san olltoghchán le theacht.

    Tá an Indo ag comhlíonadh a ról mar rag bolscaireachta Fhianna GaeL/Fáil go paiteanta.

    ReplyDelete
  3. Meas tú an bhfuil Karl Rove ag tabhairt ceachtanna dóibh?

    Pé scéal é, níl fhios agam cé as an whole lot a mbeinn toilteanach vóta a chaitheamh dóibh.

    ReplyDelete
  4. Ní shílim go bhfuil gá le ceachtanna acu.

    Ceapaim go raibh a phríomh leathanach spéisiúil ar maidin.
    1) Scéal faoi "círéib" lasmuigh den Roinn Airgeadais! An ionann círéib agus na Gardaí ag ionsaí go foréigneach léirsithe síochánta ag suí ar an talamh

    2)Beag is fiú déanta de Shinn Féin ó thaobh an bua san Ardchúirt inné! Éinne ag amharc ar an nuachtán gan tuiscint ar an scéal ní bheadh eolas aige gurb é Sinn Féin agus Doherty a thóg agus a bhua an cás.

    Ar ndóigh bhí go leor le rá acu nuair a thógadh an cás, ag maíomh gur am amú a bhí ann!

    ReplyDelete
  5. @ 'is iad na páistí scoile is mó atá thíos leis'

    Sin é go díreach, a Fhergus!

    @ 'níl fhios agam cé as an whole lot a mbeinn toilteanach vóta a chaitheamh dóibh'

    Tuigim do chás, a Aonghuis!

    @ 'na Gardaí ag ionsaí go foréigneach léirsithe síochánta'

    Nílim cinnte an raibh na 'léirsithe' uilig chomh 'síochánta' sin, a Dhubhaltaigh.

    Agus, más rud go ndearna na gardaí ionsaí foréigneach ar aon duine, tá Ombudsman ann lena leithéid a fhiosrú. Beidh le feiceáil...

    ReplyDelete
  6. Caithfidh go raibh a fhios ag aon duine a bhí ar an eolas faoi chúrsaí sa tír sa bhliain 2007 go raibh an praghas a bhí á thairiscint ag Oifig na nOibreacha Poiblí i bhfad Éireann ró-ard agus dá dtapófaí an deis a bhí na státseirbhísigh ag cur ar fáil go mbeifí ag teacht i dtír ar phobal na tír a raibh na státseirbhísigh, de thoradh míchumais nó cibé, ag déanamh an drochghnó thar a cheann.

    Ní mór dásacht pholaiteora a bheith agat chun thú féin a chur i láthair ina dhiaidh sin mar phléadálaí ar son an phobail chéanna i gcoinne na ndreamanna a bhíonn ag caitheamh go dona leis an bpobal i gcúrsaí airgid.

    I gcoitinne bheadh súil agam go mbeadh a dhóthain scrupall ag daoine gan tapú le deis chun teacht i dtír ar "chleithiúnaí" ar bhonn drochghnó sa chás a gcuirfeadh an duine a bhfuil an cleithiúnaí ag brath air an deis sin faoina mbráid.

    Ní raibh iachall ar éinne an gnó "mí-ámharach" a dhéanamh agus ní thagann sé ar chaoi ar bith le haon chineál reitrice airde.

    Tá an baol ann anois go n-éireodh leis an ndream eile buntáistí a bhaint as an scéal agus nach bhfaighfí réidh leo go deo.

    ReplyDelete
  7. Caithfidh go raibh a fhios ag aon duine a bhí ar an eolas faoi chúrsaí sa tír sa bhliain 2007 go raibh an praghas a bhí á thairiscint ag Oifig na nOibreacha Poiblí i bhfad Éireann ró-ard

    Sin an rud: ní raibh. Bhí an gealtachas fós forleathan an uair úd. An fíor cheist ná tuige nach bhfuil an scoil tógtha, agus an Roinn Éadóchais gan ach leath den buiséad ceadaithe tógála caite acu.

    ReplyDelete
  8. "Nílim cinnte an raibh na 'léirsithe' uilig chomh 'síochánta' sin, a Dhubhaltaigh."

    An bhfuil eolas sa bhreis agat a bhréagnaíonn an fhianaise fhíseáin?

    ReplyDelete
  9. "Caithfidh go raibh a fhios ag aon duine a bhí ar an eolas faoi chúrsaí sa tír sa bhliain 2007 go raibh an praghas a bhí á thairiscint ag Oifig na nOibreacha Poiblí i bhfad Éireann ró-ard"

    I 2007 bhí an geilleagar bréagach i mbarr a réime!

    ReplyDelete
  10. @ 'An bhfuil eolas sa bhreis agat a bhréagnaíonn an fhianaise fhíseáin?'

    Níl agam ach an méid atá cloiste, agus feicthe agam, ó na meáin, a Dhubhaltaigh.

    ReplyDelete
  11. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  12. @ Aonghus "Bhí an gealtachas fós forleathan an uair úd."

    @ Dubhaltach "I 2007 bhí an geilleagar bréagach i mbarr a réime!"

    Dúirt ní ba mhó ná duine amháin liom agus mé in Éirinn ar mo laethanta saoire sa bhliain 2007 go raibh fadhbanna móra i ndán don tír nuair a bheadh deireadh leis an mborradh togála agus go raibh deireadh an bhorrtha sin ag teacht go luath. B'in an fáth ar bhaineas úsáid as "duine a bhí ar an eolas faoi chúrsaí sa tír" agus bheadh súil agam go bhféadfaí an polaiteoir i gceist a áireamh mar dhuine a bhíonn ar an eolas faoi chúrsaí!

    Ba 2007 an bhliain ar toghadh ina cheannaire ar a pháirtí é; ar dheineadar aon mhacnamh air ag an am gur bhuama ama ar ticeáil a bheadh i margadh talún mí-ámharach dá leithéid a bhféadfadh an dream eile leas a bhaint as in am trátha dóibh féin? Roimh thoghchán? Nó roimh an gcáinaisnéis is déine dá raibh riamh?

    Nuair a bheidh daoine thíos go dona leis na ciorraithe géara i gceann cúpla mí ní dóigh liom go mbeidh siad ró-chomhbhách le duine ar éirigh leis ceann de na píosaí creiche deireannacha a sciobadh ón long náisiúnta sarar thosaigh sé ag tumadh go tóin poill.

    Ba chóir go dtabharfadh deis dóibh an beart a fhreaschur. D'fheicimis ansin, bheadh súil agam, a bhearta ag teacht leis a bhriathair (http://www.rte.ie/news/2003/0917/land.html).

    ReplyDelete
  13. @ Áine, Dubhaltach

    "@ 'An bhfuil eolas sa bhreis agat a bhréagnaíonn an fhianaise fhíseáin?'

    Níl agam ach an méid atá cloiste, agus feicthe agam, ó na meáin, a Dhubhaltaigh."

    Ón méid atá le feiscint ar na meáin caithfidh mé a rá go n-aontaím le hÁine. Eolas de bhreis ag éinne?

    ReplyDelete
  14. Más duine thú a Áine a bhraitheann ar na meáin le haghaidh scéal cothrom ar chúrsaí mar seo ba chóir duit an t-alt seo a léamh.

    Nó is féidir teacht ar do thuairim féin bunaithe ar cad a tharla seachas cad a dúradh leat a tharla.

    Físeáin anseo, agus tá go leor eile ar fáil ar You Tube.

    ReplyDelete
  15. Beidh scoilt mhór sa phobal amach anseo agus beidh deacracht nach beag ag na húdaráis na daoine is mó atá thíos leis a smachtú gach uair a théann siad ar léirsiú. Seans go raibh teachtaireacht á cur amach acu an tseachtain seo chaite faoi conas mar a tabharfaidh siad faoi.

    Scanrúil ar fad.

    ReplyDelete
  16. recte: faoi conas mar a thabharfaidh siad faoi.

    ReplyDelete