Saturday, November 13, 2010

an seachtú Bundesland déag...?


Tá géarchéim airgid na hÉireann go mór faoi iomra sna meáin chumarsáide sa Ghearmáín le linn na laethanta beaga seo. Ní mó ná gur féidir a rá gur dea-chomhartha an méid sin. Ach cá bhfios? Mar a deireadh na Gaeil fadó: tá Dia láidir agus tá máthair mhaith aige

Níl sé ach roinnt blianta ó shin ó bhí na saineolaithe eacnamaíochta abhus ag móradh ailceimiceoirí airgid na hÉireann, agus na hÍoslainne. Agus anois...

Na daoine thart timpeall orm, bhí siad ag labhairt liom faoin ndrochscéal le linn na seachtaine seo caite. Is cinnte nár bhain mé mórán suilt as!

Dúirt duine amháin liom - idir shúgradh is dáiríre, gan dabht - go bhféadfadh an Ghearmáin Éire a uchtú mar sheachtú Bundesland déag. Agus ó bheidís leis, dúirt sé, cad chuige nach n-uchtóidís an Íoslainn ina teannta!

Tíortha iad nach bhfuil daonraí móra iontu amhail na tíortha bancbhriste eile, mar atá an Iodáil, an Spáinn srl., agus a bhféadfai iad a thabhairt ar bord gan mórán stró ar an ábhar sin.

Bhuel! Ní miste a rá gur baineadh stangadh asam.

Ach conas mar a fheidmeodh moladh dá leithéid?

Ar aon nós, d'ainneoin nach mbeadh dúil ró-mhór ag an duine ann, ba chóir a bheith réidh dó. De réir mhana na ngasóg: bí ullamh!

Ar dtús, bheadh gá le hainm don Bhundesland nua. Dála an scéil, fágfaidh mé an cheist sin fúibh. Ní ritheann faic liom.

Bíonn a bhratach féin ag gach Bundesland. Ar an ábhar sin, tá ceann deartha agam cheana féin, ar eagla na heagla.


Ar chruth bhratach na hÍoslainne atá sí, ach le dathanna na hÉireann uirthi. Ní mór a bheith cothrom, fiú amháin in aimsir an anró.

Beidh cead ag na hÍoslainnaigh, in am trátha, a siombailí féin a chur sna spásanna uaine nach bhfuil líonta fós. Gach seans, áfach, agus cúinsí amhlaidh sa tír sin, go nglacfaidís leis an tsiombail in íochtar na brataí (tuilleadh eolais faoi sin thíos).

Níor roghnaigh mé na siombailí seanchaite do thír na hÉireann, ach dhá cheann eile ar fad. Ná déantar dearmad, ré nua a bheadh i gceist

Maidir leis an bhfidil atá le feiscint thuas in íochtar na brataí, ní siombail de cheol traidisiúnta atá i gceist anseo ach siombail de thraidisiún ársa eile, mar atá an traidisiún a sheol an tír an mhórchuid den tslí i dtreo na háite ina bhfuil sí faoi láthair. Agus i dtreo is nach mbainfí an chiall mhícheart as an tsiombail chéanna ní bheidh, is oth liom a rá, ach an leagan Béarla den uirlis ina ainm oifigiúil uirthi, mar atá "fiddle".

Cé is moite den airgead, bheadh roinnt buntáistí eile i ndán do Chríocha Fáil i gcomhthéacs an "stádais" nua.

Samhlaigí, beidh ár bhfoireann sacair chun tosaigh sna comórtais idirnáisiúnta. Agus an carn bonn óir sna Cluichí Oilimpeacha a bheadh i ndán dúinn! Húúrááá!

Agus cé nach mbeadh an seanainm ar an bhfoireann rugbaí feasta, bheadh go leor fir óga dingthe le muinéal gearr leathan agus droim gear leathan i measc 90 milliún daoine chun frapaí nua a sholáthar dár líne tosaigh.

Dosheachanta go mbeidh an Ghearmáinis ina teanga oifigiúil, áfach. Ach dhéanfainnse mo dhícheall gurb í an Ghaelainn a bheidh mar dara teanga. (Ar uairibh agus i gcásanna eisceachtúla, nuair nach cur amú airgead é, chuirfí aistriúcháin i mBéarla de chaipéis oifigiúil nó dhó ar fáil.)

Agus ní bheadh ar fhir óga amach anseo a bhfuil flosc chun eachtra acu dul in aon arm eile seachas a n-arm féín.

Ó, ba bheag nár dheineas dearmad de! Mar chomhartha buíochais do na daoine a thiomáin an tír chomh fada agus a thiomáin siad í sna blianta atá thart, beidh láthair nua, ar láthair bhuan í, do Phuball na Gaillimhe, ós rud é go raibh siad riamh chomh tugtha leis. (Samhlaigí cé hiad na daoine a bheidh ina mbuanchónai ann?)


Agus nuair a bheidh, le teann fiosrachta, na piongainí ag dul thairis, samhlaigí cad a bheidh le cloisint ón bpuball amach acu?

4 comments:

  1. Iontach! ASG!

    Céard faoi shiombail de shiosúr ag gearradh tíogar ina dhá leath...:-)

    ReplyDelete
  2. Agus gan amhras d'fhéadfaí an Solidaritätszuschlag a leathnú amach....

    ReplyDelete
  3. Feicim ón léarscáil go mbeidh na Sé Chontae ag dul don Ghearmáin freisin!

    ReplyDelete
  4. @ Dennis "Feicim ón léarscáil go mbeidh na Sé Chontae ag dul don Ghearmáin freisin!"

    Nuair a bhíonn athchóirithe stairiúla i gceist tarlaíonn sé uaireanta go dtugtar neamhaird do mhionsonraithe áirithe!

    @ Aonghus "Agus gan amhras d'fhéadfaí an Solidaritätszuschlag a leathnú amach...."

    Go dtí an t-Antlantach, más leor sin...

    @ Áine "Céard faoi shiombail de shiosúr ag gearradh tíogar ina dhá leath...:-)"

    Siosúr? Tá tú ró-thrócaireach...

    ReplyDelete