Sunday, November 21, 2010

versailles gan chogadh...


Is léir óna bhfuil ar fáil cheana féin ar an idirlíon gur scéal é an ghéarchéim fiachais in Éirinn a bpléifear leis ar chaoi a bheidh gáifeach go leor sa phreas Gearmánach amárach, fiú amháin in Der Spiegel.

Ach aisteach go leor, is ó dhá nuachtán atá níos giorra don chóras airgid agus do bhunaíocht an chaipitil a thagann ailt nach mbeifeá ag súil leo uathu.

Cuireann an Handelsblatt fainic ar Sheansailéar Merkel gan a bheith ró-dhian ar na tíortha atá i dtrioblóidí faoi láthair.

"Coigilt agus píonós, sin iad eochairfhocail an tSeansailéara. Agus cloíonn sí go diongbháilte leis an deachtráiteas sin. (Léireofar san alt seo) an fáth go dtéann polasaí na déine de chuid Merkel i leith na stát leis na fiacha móra chun aimhleasa na Gearmáine féin."

Ansin cuireann údar an ailt ráiteas stairiúil i gcuimhne don léitheoir:

“Táim cinnte de nach bhfuil an dara rogha ag pobal ár dtíre ach a thuiscint cé chomha casta agus atá cúrsaí, in ionad claontachta, feirge agus mothúchán láidir a bheith mar threoir acu. Braitheann todhchaí an domhain uilig air go measaimid na cúinsí i gceart. Cé hiad na príomhtosca? Cad ba chóir a dhéanamh?”


Ráiteas de chuid George Marshall atá i gceist ón mbliain 1947 nuair a bhí an pobal sna tíortha buacha ag éileamh go mbainfí díoltas as an nGearmáin. D'éirigh le Marshall a chur i bhfeidhm gur tugadh cabhair don tír ina ionad.

Is é "Versailles gan chogadh" teideal an ailt. Tugann an t-údar an rabhadh freisin gan nimh a chur san fheol Eorpach, rud a fhéadfadh a tharlú go héasca dá gcaithfí go ró-gharbh leis na tíortha úd leis na fiacha móra. Meabhraíonn sé freisin gur chomharsanacht na naimhde a bhí san Eoraip le fada an lá go dtí gur réitíodh an fhabhb i gcomhthéacs an Comhphobail Eorpaigh.

Ba mhaith le halt sa FAZ cúlra na ceiste a thabhairt chun solais. Maíonn údar an ailt go bhfuil éirithe leis na bancanna móra amhail Deutsche Bank géarchéim na mbancanna a thiontú i ngéarchéim do na cáiníocóirí. Luann sé saineolaithe sa Ghearmáin nach gcreideann go raibh de riachtanas ag Éireann ar chor ar bith dul faoi scáth ainnis na cabhrach faoi láthair agus gurbh iad na bancanna móra ba chúis leis gur cuireadh iachall ar an tír faoi dheireadh an beart sin a dhéanamh. Is deis é do na bancanna a mbrabús a chosaint agus gnó nua a chruthú as na cúinsí nua.

Ach nach é, i ndeireadh na dála, rialtas
na hÉireann féin a chuir muintir na hÉireann i mbéal na práinne seo a ligeann do na boic mhóra teacht i dtír orthu anois?

8 comments:

  1. Go raibh maith agat as an achoimre dá bhfuil ins an dá nuachtán sin. Is suimiúil - agus ciallmhar - an dearcadh atá ag údar “Versailles ohne Krieg”.

    ReplyDelete
  2. Ach nach é, i ndeireadh na dála, rialtas na hÉireann féin a chuir muintir na hÉireann i mbéal na práinne seo a ligeann do na boic mhóra teacht i dtír orthu anois?

    Ní hé. Tá an Rialtas ina táinrith le fada roimh púca teip na mbainc. Fáisceann gach iarracht an ghad sin a scoir an ghad níos déine ar a muineál. Is cosúil go raibh na bainc ag insint deargbhréaga gach céim den slí. Cinnte, chothaigh an Rialtas - agus Fianna Fáil - an gnáthóg ina bhfeadfadh na bainc an praiseach craos tiomáinte seo a chruthú. Ach bheadh sé éagóreach ar milleán a chuir orthu amháin.

    ReplyDelete
  3. Tá an alt san FAZ thar a bheith spéisiúil.

    Feictear dom go bhfuil boic mhóra na bainc thall ag cleasaíocht mórán mar a bhí abhus; ach gurbh lú baol atá orthu, mar sin is cosúil go n-éireoidh leo sa chluiche va-banque seo

    ReplyDelete
  4. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  5. GRMA, a Dhennis.


    @ Aonghus

    Cé a lig do na bainc na billiúin a fháil ar iasacht óna bainc abhus agus sa RA, agus a thabhairt ar iasacht gan aon bhonn airgid a bheith acu ó thaobh chóimheas na dtaiscí de? Feidhmeannach an rialtais an ea ba é a bhí faoi choimirce agus faoi thionchar an rialtais.

    Níl aon naimhdeas pearsanta agam leis an Taoiseach ná le FF ach tá a ré araon thart. Tá páirtí atá go hiomlán nua de dhíth mar chaithfinn FG agus an Lucht Oibre i dtraipisí i dteannta le FF dá mbeadh an deis agam.

    Tá "konstituierende Sitzung" as an nua ag teastáil ón tír.

    ReplyDelete
  6. Tagaim leat maidir le FG agus an lucht oibre. Tá gach polaiteoir ciontach. Tá orainn teacht ar chóras nua anois.

    ReplyDelete
  7. Go raibh maith agat, a Ormondo, as ábhar na n-alt sin a roinnt linn.

    @ "Braitheann todhchaí an domhain uilig air go measaimid na cúinsí i gceart...Cad ba chóir a dhéanamh?”

    Sin é.

    ReplyDelete