Thursday, January 27, 2011

na fiche leabhar...?



Samhlaítear na cúinsí seo a leanas:

- ón lá amárach ar aghaidh beidh cónaí ort go buan ar oileán nach bhfuil leabhair ná aon ábhair léitheoireachta ann ná teacht ar rud éigin dá samhail

- tá a fhios agat go mbeidh a raibh i ngach leabhar dá bhfuil léite agat imithe go hiomlán i ndíchuimhne ort (amhail nach mbeadh na leabhair idir lámha agat riamh) a luaithe a shroicheann tú an t-oileán

- ach is féidir leat fiche leabhar a thabhairt leat  (fiche?! nach fial an logha é?!)


Cé na leabhair a thabharfá leat?


Seancheist í seo, ach ceist ar fiú í a chur ó am go chéile más iad andúiligh leabhar a gcuirtear an cheist orthu ós rud é gur athróg an freagra atá spleách ar an bhfachtóir ama.


Seo hiad na cinn a thabharfainnse liom (tá an t-ord gan tábhacht):

Rotha Mór an tSaoil - Micí Mac Gabhann
An Cléireach - Darach Ó Scolaí
The Art of Fiction - John Gardner
Kleine Weltgeschichte der Philosophie  (Stair Bheag Dhomhanda na Fealsúnachta) - Hans Joachim Störig
Sa Chéad Chiorcal  -  Aleksandr I. Solzhenitsyn
Einstein: Eine Biographie - Albrecht Fölsing
The Afterlife  - John Updike
Die Verwandlung  -  Franz Kafka
Waiting for the Barbarians  -  J.M Coetzee
If on a Winter's Night a Traveller (Se una notte d'inverno un viaggiatore) - Italo Calvino
Das Versprechen (An Gealltanas) -  Friedrich Dürrenmatt
Portnoy's Complaint -  Philip Roth
Snámh dá Én - Flann O'Brien
An Béal Beo -  Tomás Ó Máille
Peig  -  Peig Sayers
An tOileánach  -  Tomás Ó Criomhthain
A History of Mathematics  -  Carl B. Boyer
The Making of the Atom Bomb  -  Richard Rhodes
Stalin: The Court of the Red Tsar  -  Simon Sebag Montefiore
The Great Gatsby  -  F. Scott FitzGerald

Ní fheadar cá fhad a bhfanfaidh an liosta thuas bailí...

Ach ní gan chúis a roghnaigh mé gach uile leabhar dá bhfuil ar an liosta.


Cé na leabhair a bheadh agaibhse?

Sunday, January 23, 2011

po zarostlém chodnícku / ar chosán fásta...


Bím i mBeirlín go minic agus nuair a bhíonn an deis agam tugaim sciuird ar cheann de na siopaí ina mbíonn dlúthdhioscaí neamhchostasacha ar díol. Tá na sainseopaí ceoil díbeartha ag na lascaineoirí as go leor cathracha eile ach más i mBeirlín ar thóir dlúthdhiocsaí clasaiceacha atá tú, is amhlaidh gur fearr Dussmann das KulturKaufhaus sa Friedrichstrasse ná aon siopa eile ó thaobh rogha de.

An babhta seo, áfach, ba é i siopa eile a bhíos nuair a tharraing dlúthdhiosca m'aird. Dlúthdhiosca dúbailte le ceol pianó leis an gcumadóir Seiceach Leoš Janáček a rugadh sa Mhoráive sa bhliain 1854.

Agus is féidir a rá nár ghearánta dom mar fuair mé ar €6,99 é.

I measc na saothar ar na dlúthdhioscaí tá sraith aonréadach as 10 bpíosaí leis an dteideal "Ar Chosán Fásta" a chuaigh i bhfeidhm go mór orm nuair a d'éist mé don chéaduair sa bhaile léí.

Bhíodh duine de mo lucht aitheantais ina bhall ar cheolfhoireann ghairmiúil suas go dtí deireadh na bliana seo caite agus nuair a chasaimid ar a chéile is minic go mbíonn na cumadóirí a mbímid ag éisteacht lena gcuid ceoil ar cheann de na hábhair chomhrá againn. Is geall le ciclipéid cheoil ar dhá chos an duine céanna, ní nach ionadh. Ba bheag nach raibh an t-ainm Janáček i dteannta leis an ndlúthdhiosca luaite agam nuair a dúirt sé de bheoghuth 'nach rúndiamhair coimhthíoch "An Cosán Fásta"!'.

Agus go deimhin, is geall le neach beo é, an ceol dúisitheach, allabhrach seo a bhronn leathoíche gan chodladh orm féin, cé nach leathoíche gan... "taitneamh" de chineál éigin an leathoíche chéanna.

Le linn dom a bheith ag éisteacht arís agus arís eile leis sna laethanta dar gcionn dhein mé taighde ar an idirlíon faoi.

Ba idir 1901 agus 1908 a chum Janáček na píosaí, tréimhse ina raibh a shaol faoi scáth an bhróin de bharr bhás a iníne. Bhain sé an leathchéad amach i rith na mblianta céanna agus ba ar a áit dúchais chomh maith, an áit a bhí de dhlúth agus d'inneach ann, a bhí a smaointe dírithe. Cumha le mothú tríd síos, ní nach ionadh, ach ní le cumha nó brón a chur oraibh a chuirim faoi bhur mbráid é mar ceapaim nach bhfuil sé chomh simplí céanna. Mar más cumha féin atá le mothú ann, ní fáiscithe i mbrón atá sé go díreach ach is ar eití suaite a iompraítear é a mhúsclaíonn beogacht agus aisleangacht sa duine a ligean don saothar rúndiamhair seo é a chur faoi gheasa.

D'aimsigh mé láithreán ar féidir "An Cosán Fásta" a chloisint air.

Tar éis dom plé leo ar feadh tréimhse, chuir mé léamh ar na píosaí 1 - 5 agus 10. Tá na teidil eile follasach ann féin.


Seo dhaoibh iad.

1. Nase vecery (Ár dtráthnónta) (3'54")
Ag cuimhneamh siar ar na tráthnónta séimhe sítheacha gan áireamh a chaithidís i dteannta a chéile i dtost siosarnach na coille.

2. Lístek odvanuty (Duilleog séidte ar shiúl) (2'46")
Saol leochaileach curtha ar chonair neamhbhuan éiginnte.

3. Pojdte s námi (Tar linn) (1'15")
Ag cruinniú misnigh, iarracht ar ardú meanman...

4. Frydecká panna Maria (Maighdean Frydek) (3'32")
Ar iontaoibh an chreidimh, i muinín an dóchais, an tsóláis.

5. Stebetaly jak lastovicky (Tá siad ag gliogairnéis ar nós fáinleog) (1'48")
An chaint shuaite mheicniúil ar thórramh.

6. Nelze domluvit (Teipeann ar fhocail) (1'27")

7. Dobrou noc! (Oíche mhaith!) (3'13")

8. Tak meskonale úzko (Crá do-inste) (3'19")

9. V pláci (Ag sileadh na ndeor) (3'19")

10. Sycek neodletel! (Níl an t-ulchabhán bídeach imithe ar eitleog!) (3'29")
Léaró sóláis ag streachailt in éadan an éadóchais?


Tá na píosaí 11 - 15 gan teideal.


http://www.fortepiano.de/projekte/Taenze_Bilder/janacek_doku.html
 
http://www.zeit.de/2006/47/D-Musikklassiker

Saturday, January 22, 2011

parlaimint na heorpa, an ghaelainn agus an t-airgead...



Tá le léamh ar http://gaelport.com/sonrai-nuachta?NewsItemID=5506 gur iarr feisire Éireannach de Pharlaimint na hEorpa darb ainm Nessa Childers (Lucht Oibre) ar an gCoimisiún "cur síos a dhéanamh ar an gcaiteachas a bhaineann le cáipéisí a aistriú go Gaeilge ar an mbonn nach raibh gá leo toisc go bhfuil Béarla ar a dtoil ag gach Éireannach atá ag obair san Aontas Eorpach."

Bítear cinnte de go bhfuil an caiteachas seo ar cheann de na míreanna caiteachais is lú i measc mhionmhíreanna caiteachais na Pairliminte. Níl ann ach mionairgead i gcomórtas leis an airgead a chaitear ar na 736 feisirí, a juncaeid agus a soláistí...

(Cogar! Más feisire glic tú, tuillfidh tú níos mó in aghaidh na bliana ná Seansailéar na Gearmáine féin. Mar sin, ádh mór ort ach tóg go bog é leis an tseanmóireacht.)

I ndáiríre, más gá le Pairlimint na hEorpa ar chor ar bith, ba leor 300 feisirí ar a mhéad. Is fíorbheag líon na bhfeisirí a dhéanann aon rud de fhiúntas leanúnach le linn na laethanta aoibhne dea-mhaoinithe gan stró a chaitheann siad as raon radhairc na vótálaithe sa bhaile. 

Sa Ghearmáin - tír ina bhfuil an córas liosta i bhfeidhm mar chóras toghchánach, rud a chiallaíonn gurb iad na páirtithe, a bheag nó a mhór, a roghnaíonn na feisirí - baintear úsáid go rímhinic as an bPairlimint Eorpach chun sos - deonach nó neamhdheonach - a thabhairt do pholaiteoir, chun é a chur ar luathscor nó chun fáil réidh leis.

Craoladh an tuairisc thuas abhus thart ar dhá bhliain ó shin. Rug na tuairisceoirí teilifíse amuigh ar na feisirí agus iad ag síniú isteach i gcomhair an lae. Is amhlaidh go ndéanann (nó go ndéanadh) cuid mhaith díobh an rud céanna go moch gach Aoine sara dtugann siad aghaidh ar an tslí abhaile gan freastal ar shuí na Pairliminte. Ní gearradh siar ar chostas na Gaelainne is cás leo anseo ach airgead tinrimh an lae (€284 glan) a shacann siad isteach ina bpócaí féin gan puinn náire d'ainneoin an t-airgead gan a bheith tuillte acu ná dlite dóibh. Faoi dheireadh réitíonn lucht údaráis na Pairliminte fadhb an airgid tinrimh neamhdhlite sa chaoi go gcuireann siad an ruaig ar na tuairisceoirí.

Tugtar faoi ndeara gur bhagair an t-Éireannach mná an dlí ar na tuairisceoirí d'ainneoin gur rugadh maol uirthi. Nach mór an meas i gcosaint an dlí atá ag lucht an traidisiúin dlíthiúil Angla-Shacsanaigh!

Dála an scéil, níorbh í an chéad tuairisc a craoladh faoin ábhar céanna sna blianta beaga. Cúpla mí ó shin d'fhoilsigh Der Spiegel alt faoi neamhláithreachas na bhfeisirí. Gach cuma air nach luach ar airgead do cháiníocóirí na hEorpa an chloch is mó ar a bpaidrín.

Gan dabht, is ann do na feisirí fiúntacha freisin. Agus beidh na feisirí siúd ag smaoineamh go bhfuil fadbhanna go leor ag tír na hÉireann gan éinne a bheith ag truailliú na neide i bhfóram na hEorpa ar mhaithe le gimicí suaracha poiblíochta.


Anois, a shaineolaí róchaiteachas na Gaelainne uilig, nach cóir daoibh tosnú ar na fadhbanna is mó ar liosta ollmhór na bpeacaí cur amú airgid a bhfuil ach ceann nó dhó díobh luaite agam thuas.

Agus sa chás go dtagann sibh riamh chomh fada le mír caiteachais na Gaelainne, na déanaigí dearmad de bhur ngloiní formhéadúcháin.

Tuesday, January 18, 2011

airgead agus clísé...




Tá dhá alt luaite ag Dennis ar a bhlag ina bpléitear an t-AE agus cúrsaí airgid/airgeadais. Is fiú iad a léamh, an t-alt le Paul Krugman go háirithe.

Mar is eol do chách, is í an Ghearmáin a mhaoinigh an t-AE don chuid is mó go dtí seo - cé nach suáilce croí amháín ba chúis leis, gan amhras.

Taobh istigh den Ghearmáín féin, áfach, ar Poblacht Chónaidhme í, nochtar difríochtaí móra fadbhunaithe idir na 16 comhstát (Bundesländer) ó thaobh an tsaibhris de. Mar shampla, is comhstát beo bocht é Mecklenburg-Vorpommern (an stát donn-bhuí thuas san oirthuaisceart) a bhfuil a ráta dífhostaíochta thart ar 13% faoi láthair. Roinnt blianta ó shin bhí ráta dífhostaíochta de bheagnach 20% ann go fiú. Fágann líon suntasach daoine Meck Pom - mar a thugtar air - gach bliain; is stát le fadhb eisimirce é mar sin. Sa mhullach ar an méid sin, tá fiacha ag brú anuas ar an gcomhstát freisin agus ní bheadh sé inmharthana i gcomhthéacs chaighdeán maireachtála na Gearmáine gan an t-airgead a fhaigheann sé gach bliain ón rialtas feidearálach i mBeirlín.

Is as Meck Pom an Seansailéir Merkel. (Nach gceapfá go mbeadh meon tuisceana níos láidre aici i leith tíortha bochta?  ;-)  )

I ndáiríre, níl ach ceithre chomhstát a bhfuil ar a gcumas acu maireachtáil ar a gconlán féin. Agus is iadsan chomh maith na comhstáit a shaothraíonn an barrachas a roinneann an rialtas feidearálach ar na comhstáit eile. Tá roinnt de na comhstáit eile go fiú faoi choimirce na Roinne Airgeadais Feidearálaí ó thaobh a mbuiséad de mar thoradh ar a ndeacrachtaí airgeadais.

I gcás Bheirlín, ar cathairstát é, tá na fiacha chomh mór sin nach n-íoctar ach an t-ús orthu le roinnt blianta anuas.

Is amhlaidh gurb iad, mar sin, na trí chomhstát i ndeisceart na tíre (Hessen, Baden-Württemberg agus an Bhaváir) is mó a mhaoiníonn an Ghearmáin.

Agus is crann taca an AE an tré siúd, leis, dá bharr.

Crann taca cuíosach beag, áfach, nuair a smaoinítear air..


Dála an scéil, dá fheabhas an t-alt le Steven Erlanger ceapaim go mbaineann sé úsáid as sean-chlisé:

"If Germany speaks for Europe’s largely industrial Protestant north, France has always combined north and agricultural south."

B'fhéidir é ach is fíor freisin gur i ndeisceart na Gearmáine, an réigiún ina bhfuil na trí chomhstát thuasluaite suite agus an geilleagar go láidir le fada an lá, go bhfuil tromlach suntasach Caitliceach ann.


(Is amháin ar mhaithe le cruinneas a luaim an sonra seo; ní iomaíocht na reiligiún is cás liom!)

Friday, January 14, 2011

colm mhic eoin...


Chuir Dennis ar mo shúile gur thaispeáin LBJ go poiblí an colm a d'fhág obráid a deineadh air chun a mháilín dromlais a bhaint amach. Deirtear nach raibh ar intinn aige ach na meáin a chur ar a suaimhneas maidir lena shláinte.

Chuaigh mé ar thóir an scéil agus fuair mé tagairt don eachtra bheag i léirmheas ar bheathaisnéis faoin bhfear céanna (foinse údarásach, gan dabht). De réir na tuairisce, ní raibh na hiriseoirí ró-shásta ach, ag an am céanna, ba ábhar faoisimh dóibh nárbh obráid ar a fhíocais a bhí curtha de!

Deir an léirmhéas freisin gur fear "talmhaí" a bhí ann a raibh roinnt béasanna garbha aige. Mar shampla, nuair a ligeadh sé na baill shóisearacha dá fhoireann isteach chuige ba mhinic nárbh ar a chathaoir a bhíodh sé ina shuí!

Ba LBJ an chéad uachtarán SAM ar chuimhin liom.

Dála an scéil, ná bíodh imní ar éinne mar gheall ar fhad an choilm thuas. Ní bhíonn sé chomh fada sin sa lá inniu nuair a bhíonn obráid ar an máilín dromlais de riachtanas.

(Tá mo cholm féín cosúil leis an gceann thuas ach é a bheith níos cothrománaí.)

Tuesday, January 11, 2011

faoiseamh...

Bhuel, nuair a bhí an bhlagmhír dheireannach scríofa agam is amhlaidh go raibh ar intinn agam leanúint ar aghaidh go dtí nath uimhir a XXV - faoi mar a bheifí ag súil leis agus an féilire mar atá sé ag an am sin den bhliain.

Ní mar a síltear a bítear i gcónaí, áfach.

Stróic an scannán gan choinne nuair a tháinig breoiteacht aniar aduaidh orm san oíche dar gcionn.

Músclaíodh i rith na hóiche mé ag rud aisteach. Bhí mo bholg ata agus cruaig. Agus ní raibh mé in ann iompú ar mo thaobh de bharr na péine.

D'fhan mé sa bhaile ar an lá dar gcionn ag súil leis go n-imeodh an rud arís.

Ach ar an lá ina dhiaidh sin bhí mé san ospidéal agus tar éis cúig lá de thastálacha cuireadh faoi scian mé.

Steanóis sa stéig bheag an diagnóis, galar Crohn b'fhéidir, nó "an leagan eile" fiú. Ní raibh na dochtúirí go hiomlán cinnte. De bharr sin ba obráid thaiscéalaíoch a bhí i gceist sa chéad áit.


Sa deireadh, tógadh amach fad den stéig mhór agus den stéig bheag i dteannta leis an aipindic. Caitheadh cónasc nua a dhéanamh ansin idir an stéig mhór agus an stéig bheag.

Seoladh a dtógadh amach chuig an tsaotharlann chun tastálacha histeolaíochta a dhéanamh.

Le scéal fada a dhéanamh gearr: fuair mé na torthaí ar ais ón bpaiteolaíocht inniu agus dea-scéal a bhí ann: níor aimsigh siad aon rud a mbeadh fadhb shuntasach ag baint leis. Ní rabhthas in ann a rá, áfach, cad ba chúis leis na greamáin sa stéig bheag. Ionfhabhtú víreasach, cnámh éisc nó rud eile? Ní féidir a lán a rá. (Níor luadh na drochghnásanna coitianta ar chor ar bith.)

Agus sin mo scéal don Nollaig agus don Athbhliain!


Dála an scéil, tá rud nó dhó faighte amach agam mar gheall ar na putóga idir an dá linn!

Is amhlaidh gur féidir dul isteach sa stéig mhór, san éasafagas agus sa ghoile le píobán agus ceamara suite ar an bhfoirceann tosaigh de (mar atá an t-ionscóp) chun cursaí a iniúchadh ach ní féidir ionscóp a úsáid i gcás na stéige bige - de bharr a caoile agus a leochaileachta, gan amhras.


Is fíordheacair ansin uaireanta diagnóis chruinn a dhéanamh ar a bhfuil ar siúl inti - gan dul i muinín na scine. Cinnte go bhfuil scanóir CT ann ach nuair a bhíonn an dochtúir ag breathnú ar mheall mór casta stéige ar an scaileán is deacair gach rud a aithint.


I.S.  Athbhliain shona shláintiúil dhaoibh go léir!