Friday, January 14, 2011

colm mhic eoin...


Chuir Dennis ar mo shúile gur thaispeáin LBJ go poiblí an colm a d'fhág obráid a deineadh air chun a mháilín dromlais a bhaint amach. Deirtear nach raibh ar intinn aige ach na meáin a chur ar a suaimhneas maidir lena shláinte.

Chuaigh mé ar thóir an scéil agus fuair mé tagairt don eachtra bheag i léirmheas ar bheathaisnéis faoin bhfear céanna (foinse údarásach, gan dabht). De réir na tuairisce, ní raibh na hiriseoirí ró-shásta ach, ag an am céanna, ba ábhar faoisimh dóibh nárbh obráid ar a fhíocais a bhí curtha de!

Deir an léirmhéas freisin gur fear "talmhaí" a bhí ann a raibh roinnt béasanna garbha aige. Mar shampla, nuair a ligeadh sé na baill shóisearacha dá fhoireann isteach chuige ba mhinic nárbh ar a chathaoir a bhíodh sé ina shuí!

Ba LBJ an chéad uachtarán SAM ar chuimhin liom.

Dála an scéil, ná bíodh imní ar éinne mar gheall ar fhad an choilm thuas. Ní bhíonn sé chomh fada sin sa lá inniu nuair a bhíonn obráid ar an máilín dromlais de riachtanas.

(Tá mo cholm féín cosúil leis an gceann thuas ach é a bheith níos cothrománaí.)

5 comments:

  1. Tharraing an cartúnaí polaitíochta David Levine leagan clúiteach den ghrianghraf úd, le himlíne Vietnam in áit an choilm.

    ReplyDelete
  2. Agus ba í an "bhearna inchreidteachta" cháiliúil faoi dear a shrón fadaithe.

    Ní raibh a fhios agam go dtí seo gur luadh an téarma "bearna inchreidteachta" ar dtús le LBJ.

    ReplyDelete
  3. Fear tíriúil craicneach, is léir!

    ReplyDelete
  4. Bhíodh sé an an mbog ó am go chéile, mar sin...:-)

    ReplyDelete
  5. Sin agat é, a Áine!

    Tá an dubhfhocal réitithe agat.

    "Ríchathaoir uachtaránachta" an téarma a bhí ag teastáil uainn. Cé gur ocsamórón é atá beagáinín ró-fhada...

    A bhuí le LBJ.


    @ Aonghus

    "Fear tíriúil craicneach..."

    Go deimhin. Caithfidh mé a rá go raibh, chomh fada agus is cuimhin liom, meas againn ar an bhfear céanna. In Éirinn choimeádach na seascaidí dob é an tré naofa a bhíodh dár gcosaint i gcoinne an chumannachais ná Dia féin, an Pápa agus Uachtarán na Stát Aontaithe.

    ReplyDelete