Thursday, January 27, 2011

na fiche leabhar...?



Samhlaítear na cúinsí seo a leanas:

- ón lá amárach ar aghaidh beidh cónaí ort go buan ar oileán nach bhfuil leabhair ná aon ábhair léitheoireachta ann ná teacht ar rud éigin dá samhail

- tá a fhios agat go mbeidh a raibh i ngach leabhar dá bhfuil léite agat imithe go hiomlán i ndíchuimhne ort (amhail nach mbeadh na leabhair idir lámha agat riamh) a luaithe a shroicheann tú an t-oileán

- ach is féidir leat fiche leabhar a thabhairt leat  (fiche?! nach fial an logha é?!)


Cé na leabhair a thabharfá leat?


Seancheist í seo, ach ceist ar fiú í a chur ó am go chéile más iad andúiligh leabhar a gcuirtear an cheist orthu ós rud é gur athróg an freagra atá spleách ar an bhfachtóir ama.


Seo hiad na cinn a thabharfainnse liom (tá an t-ord gan tábhacht):

Rotha Mór an tSaoil - Micí Mac Gabhann
An Cléireach - Darach Ó Scolaí
The Art of Fiction - John Gardner
Kleine Weltgeschichte der Philosophie  (Stair Bheag Dhomhanda na Fealsúnachta) - Hans Joachim Störig
Sa Chéad Chiorcal  -  Aleksandr I. Solzhenitsyn
Einstein: Eine Biographie - Albrecht Fölsing
The Afterlife  - John Updike
Die Verwandlung  -  Franz Kafka
Waiting for the Barbarians  -  J.M Coetzee
If on a Winter's Night a Traveller (Se una notte d'inverno un viaggiatore) - Italo Calvino
Das Versprechen (An Gealltanas) -  Friedrich Dürrenmatt
Portnoy's Complaint -  Philip Roth
Snámh dá Én - Flann O'Brien
An Béal Beo -  Tomás Ó Máille
Peig  -  Peig Sayers
An tOileánach  -  Tomás Ó Criomhthain
A History of Mathematics  -  Carl B. Boyer
The Making of the Atom Bomb  -  Richard Rhodes
Stalin: The Court of the Red Tsar  -  Simon Sebag Montefiore
The Great Gatsby  -  F. Scott FitzGerald

Ní fheadar cá fhad a bhfanfaidh an liosta thuas bailí...

Ach ní gan chúis a roghnaigh mé gach uile leabhar dá bhfuil ar an liosta.


Cé na leabhair a bheadh agaibhse?

9 comments:

  1. Ró-dheacair!!! Ach déanfaidh mé mo mhachnamh air mar sin féin.

    ReplyDelete
  2. Mise freisin.

    Ach bheadh an Bíobla i measc mo rogha: Bíobla Má Nuad. (Leabharlann ann féin an Bíobla!)

    ReplyDelete
  3. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  4. Tá an ceart agat. Is leabharlann ann féin í Bíobla Má Nuad.

    Bhíos ag smaoineamh air nach gcuirfí an Bíobla, foclóirí, leabhair thagartha agus leabhair dá leithéid san áireamh: bheadh siadsan "saor in aisce", mar a déarfa.

    ReplyDelete
  5. Níl ach trí leabhar as an liosta léite agam agus níor aithnigh mé fiú roinnt de na scríobhnóirí eile. Ainniseoir gan léann gan oideachas.

    Thabharfainn liom:

    "Conas maireachtaint ar oileán fásaigh" le Alexander Selkirk.

    Naoi gcinn déag de 'Killer Sudoku'

    ReplyDelete
  6. ""Conas maireachtaint ar oileán fásaigh" le Alexander Selkirk."

    B'fhéidir go bhfuil dearmad déanta agam ar rud éigin: treoir mhaireachtana! Ní fiú na leabhair uilig - níl siad go léir léite agamsa, ach an oiread - mura mairtear beo.

    ReplyDelete
  7. Bhuel, foclóirí ó theangacha éagsúla an chéad smaoineamh a rith liom, ach feicim, sna tráchtanna uait, go mbeadh siad sin saor in aisce, mar aon le leabhair thagartha srl.

    Hmmm...meascán leabhar, is dócha, a thabharfainn liom. Bheadh orm taighde a dhéanamh, ar dtús, agus phiocfainn ansin an 20 leabhar is fearr a chlúdódh réimse leathan ábhar; ábhair a mbeadh suim agam iontu, gan a bheith rótheicniúil!

    Agus, tá an ceart ag Míshásta. Bheadh sé ciallmhar, seans, leabhar 'conas maireachtáil' de shaghas éigin a thabhairt liom.

    Mo chuimhne, an mbeinn liom féin ar an oileán seo?

    ReplyDelete
  8. "Mo chuimhne, an mbeinn liom féin ar an oileán seo?"

    Ná bíodh imní ort, a Áine, beidh cead agat cibé daoine is mian leat a thabhairt leat (ná a fhagáil sa bhaile.)

    Ní bheidh cead acu, áfach, cur isteach ar do chuid léitheoirechta.

    ReplyDelete
  9. An-spéisiúil. Calvino go cinnte. Agus An Cléireach. Ó Cadhain, Mac Grianna agus Ó Conaire sílim. Teidil - bheadh orm mo mhachnamh a dhéanamh. Thaitin Favella le Alex Hijmans liom. An Leabhar Laighneach is dócha nó Leabhar na hUidhre - seachas an Bíobla - agus na Laoithe Fiannaíochta. Cuaifeach mo Lon Dubh Buí, seans. Agus ceachtar acu Tonio Kruger nó Der Tod in Venedig le Mann. Ach níl iontu sin ach teidil a léaimeann isteach i mo chloigeann ar an nóiméad.

    ReplyDelete