Saturday, January 22, 2011

parlaimint na heorpa, an ghaelainn agus an t-airgead...



Tá le léamh ar http://gaelport.com/sonrai-nuachta?NewsItemID=5506 gur iarr feisire Éireannach de Pharlaimint na hEorpa darb ainm Nessa Childers (Lucht Oibre) ar an gCoimisiún "cur síos a dhéanamh ar an gcaiteachas a bhaineann le cáipéisí a aistriú go Gaeilge ar an mbonn nach raibh gá leo toisc go bhfuil Béarla ar a dtoil ag gach Éireannach atá ag obair san Aontas Eorpach."

Bítear cinnte de go bhfuil an caiteachas seo ar cheann de na míreanna caiteachais is lú i measc mhionmhíreanna caiteachais na Pairliminte. Níl ann ach mionairgead i gcomórtas leis an airgead a chaitear ar na 736 feisirí, a juncaeid agus a soláistí...

(Cogar! Más feisire glic tú, tuillfidh tú níos mó in aghaidh na bliana ná Seansailéar na Gearmáine féin. Mar sin, ádh mór ort ach tóg go bog é leis an tseanmóireacht.)

I ndáiríre, más gá le Pairlimint na hEorpa ar chor ar bith, ba leor 300 feisirí ar a mhéad. Is fíorbheag líon na bhfeisirí a dhéanann aon rud de fhiúntas leanúnach le linn na laethanta aoibhne dea-mhaoinithe gan stró a chaitheann siad as raon radhairc na vótálaithe sa bhaile. 

Sa Ghearmáin - tír ina bhfuil an córas liosta i bhfeidhm mar chóras toghchánach, rud a chiallaíonn gurb iad na páirtithe, a bheag nó a mhór, a roghnaíonn na feisirí - baintear úsáid go rímhinic as an bPairlimint Eorpach chun sos - deonach nó neamhdheonach - a thabhairt do pholaiteoir, chun é a chur ar luathscor nó chun fáil réidh leis.

Craoladh an tuairisc thuas abhus thart ar dhá bhliain ó shin. Rug na tuairisceoirí teilifíse amuigh ar na feisirí agus iad ag síniú isteach i gcomhair an lae. Is amhlaidh go ndéanann (nó go ndéanadh) cuid mhaith díobh an rud céanna go moch gach Aoine sara dtugann siad aghaidh ar an tslí abhaile gan freastal ar shuí na Pairliminte. Ní gearradh siar ar chostas na Gaelainne is cás leo anseo ach airgead tinrimh an lae (€284 glan) a shacann siad isteach ina bpócaí féin gan puinn náire d'ainneoin an t-airgead gan a bheith tuillte acu ná dlite dóibh. Faoi dheireadh réitíonn lucht údaráis na Pairliminte fadhb an airgid tinrimh neamhdhlite sa chaoi go gcuireann siad an ruaig ar na tuairisceoirí.

Tugtar faoi ndeara gur bhagair an t-Éireannach mná an dlí ar na tuairisceoirí d'ainneoin gur rugadh maol uirthi. Nach mór an meas i gcosaint an dlí atá ag lucht an traidisiúin dlíthiúil Angla-Shacsanaigh!

Dála an scéil, níorbh í an chéad tuairisc a craoladh faoin ábhar céanna sna blianta beaga. Cúpla mí ó shin d'fhoilsigh Der Spiegel alt faoi neamhláithreachas na bhfeisirí. Gach cuma air nach luach ar airgead do cháiníocóirí na hEorpa an chloch is mó ar a bpaidrín.

Gan dabht, is ann do na feisirí fiúntacha freisin. Agus beidh na feisirí siúd ag smaoineamh go bhfuil fadbhanna go leor ag tír na hÉireann gan éinne a bheith ag truailliú na neide i bhfóram na hEorpa ar mhaithe le gimicí suaracha poiblíochta.


Anois, a shaineolaí róchaiteachas na Gaelainne uilig, nach cóir daoibh tosnú ar na fadhbanna is mó ar liosta ollmhór na bpeacaí cur amú airgid a bhfuil ach ceann nó dhó díobh luaite agam thuas.

Agus sa chás go dtagann sibh riamh chomh fada le mír caiteachais na Gaelainne, na déanaigí dearmad de bhur ngloiní formhéadúcháin.

3 comments:

  1. An sean scéal céanna arís atá seo, monuar.

    ReplyDelete
  2. Níl an nasc chuig 'gloiní formhéadúcháin' ag obair, a Fhergus - domsa, pé scéal é!

    Léigh mé é sin, faoi Nessa Childers, inné, agus ní gá dom a dhath a rá faoi, ó tharla go bhfuil an scéal mínithe go maith agat féin anseo, feictear dom.

    I bhfocal Aonghusa, níl anseo ach an 'sean scéal céanna arís'.

    ReplyDelete
  3. Tá an ceart agaibh nach anseo ach an seanscéal.

    Agus cheapas go raibh ré nua ag druidim linn!


    Ní raibh náire orm riamh a bheith i m'Éireannach ach chuir treascairt dhuibheagánach an rialtais i láthair lucht IMF/AE don chéad uair riamh náire orm agus cuireann sé náire orm mar Éireannach go gcuirfeadh feisire Éireannach a leithéid de phraiseach shuarach dhíréireach faoi bhráíd na Parlaiminte Eorpaí agus Poblacht na hÉireann sa staid ina bhfuil sí.

    Cad a cheapann na feisirí óna tíortha eile? Go bhfuil na hÉireannaigh go hiomlán faighte lagintinneach agus nach bhfuil ach drochmheas acu orthu féin? Nó ceapann siad go bhfuil dream éigin i mbun glanadh eitneach a dhéanamh ar Ghaeil i bPoblacht na hÉireann cé nár léigh siad faic faoi riamh sna nuachtáin?

    Agus nach raibh mo dhuine ina ball de na Glasaigh go dtí 2009, an páirtí atá - i gcead do na Glasaigh - comhchiontach as an ollscrios airgid is mó dá raibh riamh i measc stát an Iarthair?

    Tá sé ríofa agam go bhféadfaí, leis an airgead a deineadh scrios air ag na polaiteoirí etc, múinteoir Gaelainne lánaimseartha ar € 50,000 sa bhliain a chur isteach i ngach teaghlach i gcathair BhÁC ar feadh deich mbliana ar a laghad, agus ní bheadh an t-airgead go léír caite ina dhiaidh sin.

    D'ainneoin sin is uilig, is iad na cáipéisí Gaelainne an fhadhb is mó...





    (GRMA, a Áine, tá an nasc deisithe agam anois.)

    ReplyDelete