Tuesday, January 18, 2011

airgead agus clísé...




Tá dhá alt luaite ag Dennis ar a bhlag ina bpléitear an t-AE agus cúrsaí airgid/airgeadais. Is fiú iad a léamh, an t-alt le Paul Krugman go háirithe.

Mar is eol do chách, is í an Ghearmáin a mhaoinigh an t-AE don chuid is mó go dtí seo - cé nach suáilce croí amháín ba chúis leis, gan amhras.

Taobh istigh den Ghearmáín féin, áfach, ar Poblacht Chónaidhme í, nochtar difríochtaí móra fadbhunaithe idir na 16 comhstát (Bundesländer) ó thaobh an tsaibhris de. Mar shampla, is comhstát beo bocht é Mecklenburg-Vorpommern (an stát donn-bhuí thuas san oirthuaisceart) a bhfuil a ráta dífhostaíochta thart ar 13% faoi láthair. Roinnt blianta ó shin bhí ráta dífhostaíochta de bheagnach 20% ann go fiú. Fágann líon suntasach daoine Meck Pom - mar a thugtar air - gach bliain; is stát le fadhb eisimirce é mar sin. Sa mhullach ar an méid sin, tá fiacha ag brú anuas ar an gcomhstát freisin agus ní bheadh sé inmharthana i gcomhthéacs chaighdeán maireachtála na Gearmáine gan an t-airgead a fhaigheann sé gach bliain ón rialtas feidearálach i mBeirlín.

Is as Meck Pom an Seansailéir Merkel. (Nach gceapfá go mbeadh meon tuisceana níos láidre aici i leith tíortha bochta?  ;-)  )

I ndáiríre, níl ach ceithre chomhstát a bhfuil ar a gcumas acu maireachtáil ar a gconlán féin. Agus is iadsan chomh maith na comhstáit a shaothraíonn an barrachas a roinneann an rialtas feidearálach ar na comhstáit eile. Tá roinnt de na comhstáit eile go fiú faoi choimirce na Roinne Airgeadais Feidearálaí ó thaobh a mbuiséad de mar thoradh ar a ndeacrachtaí airgeadais.

I gcás Bheirlín, ar cathairstát é, tá na fiacha chomh mór sin nach n-íoctar ach an t-ús orthu le roinnt blianta anuas.

Is amhlaidh gurb iad, mar sin, na trí chomhstát i ndeisceart na tíre (Hessen, Baden-Württemberg agus an Bhaváir) is mó a mhaoiníonn an Ghearmáin.

Agus is crann taca an AE an tré siúd, leis, dá bharr.

Crann taca cuíosach beag, áfach, nuair a smaoinítear air..


Dála an scéil, dá fheabhas an t-alt le Steven Erlanger ceapaim go mbaineann sé úsáid as sean-chlisé:

"If Germany speaks for Europe’s largely industrial Protestant north, France has always combined north and agricultural south."

B'fhéidir é ach is fíor freisin gur i ndeisceart na Gearmáine, an réigiún ina bhfuil na trí chomhstát thuasluaite suite agus an geilleagar go láidir le fada an lá, go bhfuil tromlach suntasach Caitliceach ann.


(Is amháin ar mhaithe le cruinneas a luaim an sonra seo; ní iomaíocht na reiligiún is cás liom!)

8 comments:

  1. Go raibh maith agat as an méid seo uilig faoi chóras inmheánach na Gearmáine a mhíniú dúinn. Theip ar an nGearmáin faoi dhó sa chéad seo caite impireacht a thógáil sa Eoraip. B'fhéidir go n-éireoidh leo sa chéad seo - faoi dheireadh.
    ;-)

    ReplyDelete
  2. Dála an scéil, chuir cara liom an cheist seo orm tar éis dó an t-alt le Erlanger a léamh: “Cén teanga a labhraíonn Sarkozy agus Merkel nuair atá siad ag caint le chéile go hoifigiúil? Agus go neamh-oifigiúil, mar chairde (mar dhea)?”

    ReplyDelete
  3. In Mecklenburg passiert alles hundert Jahre später - nath a bhí ann le linn ré Bhismarck!

    Ceist maith maidir le hAllagar na gCinnirí, Dennis.

    ReplyDelete
  4. @ Dennis & Aonghus

    “Cén teanga a labhraíonn Sarkozy agus Merkel nuair atá siad ag caint le chéile go hoifigiúil? Agus go neamh-oifigiúil, mar chairde (mar dhea)?”

    "Ceist maith maidir le hAllagar na gCinnirí, Dennis."


    Chuaigh mé ar thóir freagra... agus d'aimsigh sé ceann anseo:

    http://www.welt.de/politik/article1265047/Der_Iran_bedroht_die_ganze_Welt.html

    Seo sliocht as agallamh a chuir an nuachtán Die Welt ar Merkel sa bhliain 2007:

    "Merkel: Mit Wladimir Putin spreche ich überwiegend Deutsch, weil er besser Deutsch spricht als ich Russisch – obwohl ich ihn auch verstehe, wenn er Russisch spricht. Mit Nicolas Sarkozy unterhalte ich mich immer mit Dolmetscher, denn er spricht kein Deutsch und ich kein Französisch. Und mit George Bush spreche ich meistens Englisch. Zur Sicherheit ist bei allen politischen Gesprächen in der Regel ein Dolmetscher dabei."

    "Le Sarkozy labhraím i gcónaí trí ateangaire, mar níl aon Ghearmáinis aige agus níl aon Fhraincís agamsa."

    Dála an scéil, feictear iad uaireanta ag tabhairt cogair dá chéile agus a leithéid gan ateangaire a bheith ann. Tá Béarla ag Merkel agus cúpla bluire Béarla ag Sarkozy, gan dabht. Deirtear go mbaineann Merkel triail as cúpla blúire Fraincíse atá ina seilbh aici - ach is amhlaidh go gcuireann a fuaimniú olc ar Sarkozy!

    Le Putin labhraíonn sí Gearmáinis, cé go mbeadh sí in acmhainn Rúisis a thuiscint, deir sí. Le Bush labhraíodh sí Béarla.

    Ach sa chás a mbíonn ábhar polaitíochta á phlé aici, bíonn ateangaire i gcónaí i láthair - ar eagla na heagla.


    (Fóir orm! Conas a fhormáídítear tráchtanna?)

    ReplyDelete
  5. Go raibh maith agat as an eolas seo, Fergus! Inseoidh mé do mo chara mar atá cúrsaí teangan ag an “odd couple”.

    ReplyDelete
  6. Go ndéana a mhaith dhuit!

    Agus éist le seo: http://www.youtube.com/watch?v=kDrfHj3j398&feature=related

    ReplyDelete
  7. Caithfidh mé na hailt sin, a luaigh tú féin agus Dennis, a léamh.

    Idir an dá linn, maith thú as an eolas sin thuas a roinnt linn, a chara. Iontach suimiúil.

    ReplyDelete
  8. Dóbair gur aontaigh mé le Krugman...ach tá níos mó ann, freisin, dar ndóigh. Seo blag iontach ar Krugman.

    ReplyDelete