Wednesday, November 28, 2012

an fhirínne, an fhírinne ghlan gan tada ach an fhírinne...

...ach amháin an fhírinne mhíchaoithiúil

Gach ceithre bliana foilsíonn rialtas na Gearmáine tuarascáil ar bhochtanas. Sara bhfoilseofar an ceann is déanaí go hoifigiúil ar an 19ú lá de Mhí na Nollag cuireadh an chéad dréacht di faoi bhráid na ranna rialtais roimh ré. Tá le léamh anois sna meáin go bhfuil ráitis chriticiúla scriosta as an tuarascáil mar thoradh air sin.

I measc na raitéas a scriosadh tá an ceann seo: "tá an mhaoin phríobháideach sa Ghearmáin dáilte go han-mhíchothrom."

Bhí le léamh sa chéad dréacht go raibh ardú leanúnach ar na tuarastail is airde agus go raibh na tuarastail is ísle i gcónaí ag dul i laghad, agus go raibh a leithéid ag goilleadh ar an bpobal ó thaobh na tuisceana don cheartas sóisialta de. Go raibh dlúthpháirtíocht agus comhtháthú na sochaí i mbaol dá dheasca.

In ionad an fhíorais go bhfuil breis agus ceithre mhilliún fostaí ag tuilleamh níos lú na seacht euro in aghaidh na huaire (mar a bhí le léamh sa chéad dréacht) tugann an dréacht is déanaí le fios go bhfuiltear tar éis mórán post lánaimseartha a chruthú do dhaoine ar phá íseal.

Is ar éigean nár aithnigh Angela Merkel (a d'fhás aníos i bPoblacht Dhaonlathach na Gearmáine) an tsuáilce taobh thiar de na hathruithe i gceist: is fearr gan buairt a chur ar an bpobal.

Agus gur aithnigh sí freisin cé daoibh is fearrde é.

Nach aoibhinn ateacht na sean-aimsire!

3 comments:

  1. Má tá muinín an Rialtais caillte ag an bpobal, is fearrde don Rialtas an pobal a scoir agus ceann nua a thoghadh, mar a dúirt an té a dúirt.

    Oidhrí an fhir seo ag saothrú fós?

    ReplyDelete
  2. Is fearr an Diabhal a bhfuil cruth an oilc air ná an Diabhal nach bhfuil.

    Dála an scéil, ní raibh an dán sín le Tucholsky feicthe agam riamh. GRMA.

    ReplyDelete
  3. Sin an pholaitíocht, feictear dom, a Fhearghuis - faichill a thóna féin ar gach fear, agus bean!

    ReplyDelete