Seacht
mbliana ó shin sa bhabhta deireanach de Chraobh na Sé Náisiún 2007
ba í foireann na hÉireann a bhí ag imirt sa chéad chluiche den lá
i gcoinne na hIodáile sa Róimh agus arbh éigean dóibh líon mór
pointí a chur ar chlár na scór d'fhonn foireann eile, an Fhrainc (a bhí ag
imirt i gcoinne na hAlbain sa chluiche deireanach den lá), a chur faoi
bhrú. Bhí ag éirí go hiontach leis na hÉireannaigh agus 51
pointe aimsithe acu nuair fuair an t-Iodáileach de Marigny úd sa
nóiméad deireanach agus ba iad na pointí sin a bhí de dhíth ar
fhoireann na hÉireann nuair a chinn an réiteoir teilifíse (TMO) sa
chluiche idir an Fhrainc agus Albain go raibh úd aimsithe ag
Vermeulen don Fhrainc ag an nóiméad deireanach den chluiche sin cé
nach raibh talmhú na liathróide le feiceáil. Níor bhuaigh
foireann na hÉireann Craobh na Sé Náisiún 2007 dá bharr sin.
Ar an lá
inniu ba é an t-Iodáileach Sarto a chuir foireann Shasana ó rath
agus iad ag iarraidh pointí a charnadh d'fhonn foireann na hÉireann
- a bhí ag imirt ní ba dhéanaí sa lá i bPáras - a chur faoi
bhrú. Agus sa chluiche i bPáras chinn an réiteoir teilifíse (TMO)
gan an t-úd a bhronnadh ar fhoireann na Fraince de bharr pas chun
tosaigh a bheith i gceist. Bhuaigh foireann na hÉireann Craobh na Sé
Náisiún 2014 dá thairbhe sin.
Dhein siad éacht.
Nach
breátha an t-ádh ná an mí-ádh!
No comments:
Post a Comment