Fuarthas
Uli Hoeness ciontach in imghabháil chánach sa chúirt in München
inniu agus gearradh píonós príosúin air. D'fhógair an chúirt
gur 28,5 milliún euro ar a laghad an méid cánach a choinnigh Hoeness siar go
mídhleathach. Gearradh trí bliana go leith air, fad píonóis
phríosúin nach féidir a fhionraí.
Tá
curtha in iúl ag abhcóidí de chuid Hoeness go mbeidh siad ag dul
go dtí an Chúirt Uachtarach chun achomharc a dhéanamh.
Bhí
cúig bliana go leith éilithe ag an Ionchúisitheoir Poiblí agus ní
féidir a chur as an áireamh go ndéanfaidh seisean achomharc chomh
maith.
Tá Uli
Hoeness ina uachtarán ar an gcumann sacair Bayern München agus
d'fhógair bord an chumainn go mbeidh preasráiteas á eisiúint acu
go luath.
Idir an
dá linn fanfaidh Hoeness saor faoi bhannaí.
No comments:
Post a Comment