Saturday, January 14, 2012

"siúdar", nó nod foghraíochta don réiteoir....


Bhí eadarlúid bheag dheas le linn an chluiche rugbaí idir Cúige Uladh agus Leicester aréir.

Bhí an chlibirt ar tí teacht le chéíle agus an dá líne tosaigh ar tinneall chun bualadh isteach ar a chéile, ach sara ndúirt an réiteoir na trí fhocal siúd atá de ghlanmheabhair, gan dabht, ag gach leantóir rugbaí faoi seo (mar atá: "tadhailligí! stadaigí! téigí i gcleamhnas!*") theastaigh uaidh ar dtús rabhadh a thabhairt mar gheall ar rud éigin.

Bhuel, cibé rud a bhí i gceist ag an Uasal Poite - mo fhocal ar seo daoibh go bhfuil scoth an Bhéarla aige - bhí mar eochairfhocal ann an focal “siúdar”.

Amach leis an abairt phráinneach, mar sin, as béal an réiteora, go húdarásach mar is gnách le réiteoir.

Ach... níor thuig na himreoirí go díreach cad a bhí i gceist aige - ní nach ionadh. Mar sin, dúirt sé in athuair í, an abairt le "siúdar".

Cuma cheisteach i gcónaí ar aghaidh na n-imreoirí, an dá líne tosaigh ag féachaint ar a chéile, a nguaillí á gcur le chéile, mar a déarfá, chun an tomhas a fhuascailt. An raibh a fhios ag éinne cad a bhí i gceist ag an Uasal Poite?

Ansin rith sé le himreoir amháin. Agus mhínigh sé de ghuth múinte foghraíocht cheart an fhocail don réiteoir: "seóldar!"




*Is féídir "nascaigí" a rá freisin.

Saturday, January 7, 2012

an comharba ar an uachtarán agus an dlí neamhscríofa...


Le roinnt seachtaine anuas tá Uachtarán na Gearmáine ag tuisliú ar sheanscéalta a bhaineann leis an tréimhse le linn dó a bheith ina phríomh-aire ar an Stát Sacsain Íochtair. Agus anois tá an chosúlacht ar an scéal nach mbeidh an dara rogha aige ach éirí as oifig más mian leis gradam oifig na huachtaránachta a chaomhnú.


Is aisteach an scéal é ar bhealach mar ní raibh suim ag duine ar bith (nó an raibh?!) go dtarlódh a lethéid, go háirithe tar éis dá réamhtheachtaí Horst Köhler éirí go tobann as oifig bliain go leith ó shin, rud nár tharla riamh roimhe sin agus a bhain creatha as an gcóras ag an am.

Ar aon nós, nuair a théann Angela Merkel agus a comhghleacaithe i mbun iarrthóirí nua a roghnú ní bheidh orthu reiligiún na n-ábhar uachtaránachta a chur san áireamh.

Is amhlaidh go bhfuil dlí neamhscríofa ann a bhaineann leis na trí phost is airde sa státchóras agus a gcloítear leis ó bunaíodh an stát sa bhliain 1949. De réir an dlí neamhscríofa seo ní féidir le triúr ón reiligiún céanna na trí phost a bheith acu ag an am céanna.

Mar sin, ós rud é go bhfuil Ceann Comhairle an Bhundestag ina Chaitliceach agus Seansailéir Merkel ina Protastúnach ní bheidh ceist an chreidimh le cur san áireamh nuair a roghnófar comharba ar Wulff (atá ina Chaitliceach).

Sunday, January 1, 2012

2012: athbhliain faoi mhaise dhaoibh...


Bliain úr faoi shéan is faoi mhaise dhaoibh, a chairde, pé áit a bhfuil sibh agus go n-éirí go seoigh libh sa bhliain atá amach romhainn.