Saturday, August 1, 2009

ALAN TITLEY: CROBHINGNE / 30.07.2009 - "Seasamh poiblí"



Cá bhfuil freagairt na n-ealaíontóirí ar an ngéirchéim eacnamaíochta agus cén fáth nach bhfuil an t-aos dána i mbun a thochailte leis na fréamhacha is doimhne agus is dofheicthe don duine gnáthbhásmhar a aimsiú, a nochtadh agus a tharraingt os comhair an tsaoil mhóir dúinn?

Chuir Alan Titley an cheist sin san alt dó an tseachtain seo. http://www.irishtimes.com/newspaper/features/2009/0730/1224251670552.html

(Is fiú na hailt de chuid Alan Titley san IT a léamh; tá gluais don cheann i gceist anseo -> http://ormondo-fon.blogspot.com/2009/08/alan-titley-crobhingne-30072009-gluais.html )




"Dearmadtar na tráchtairí, na polaiteoirí, na heacnamaithe, mar b’iad a bhí gafa i lúib na bréige. Ba dhóigh leat, áfach, go mbeadh léargas éigin sa bhreis ag an aos dána, ag na healaíontóirí a mhaíonn go bhfuil éachtaint acu ar na léaspairtí a cheiltear ar chách a chéile den choitiantacht.
Ach cá bhfuil na healaíontóirí uainn anois, go díreach nuair atá gá againn leo? Cá bhfuil an fhearg, agus an bhinb, agus an aoir? Ní ar son amaidí an tsaoil abhus go díreach, ach ar son amaidí an tsaoil mhóir."



Má tá lucht na healaíne ag loiceadh orainn agus sinn sa duibheagán gan treoir gan fhírinne: cad is cúis leis?

B’fhéidir go raibh margadh ann do thairgí ealaíne a bhí criticiúil, réabhlóideach fiú, ó thús na fichiú haoise go dtí tar éis an Chogaidh. Bhí sé faiseanta sa ré úd dul i mbun an domhan, agus an cine daonna leis, a chur ar a leasa - agus an gnó a dhéanamh go poiblí; ar thús cadhnaíochta na h-ealaíontóirí. (Is é atá i gceist agam, ar ndóigh, ná an mhór-ealaín; fágaimid feadóg stáin an tábhairne ar lár le hainm Dé.)

Ach is fiú an cheist a chur: cé is moite den tréimhse neamhghnáthach úd nach amhlaidh nach raibh san ealaín riamh anall ó thús na hÁdhamhchlainne ach siamsa lom nach raibh mar phríomhchuspóir di ach aird an phobail a tharraingt ón ndrochscéal - idir leadrán agus thubaiste – bíodh gur ar mhaithe leis an bpobal féin (an dearcadh saonta, b’fhéidir) nó ar mhaithe le "lucht an rialtais" a ndéantaí, agus a ndéantar, í?


"Is beag rud is lú is cás linn ná an file a chuireann a cloigeann san oigheann ar son a cuid leithleasachta aonair beagshuaraí amháin."


Déarfainn féin gur sa taisceadán a bheadh an cloigeann sáite go minic agus catsúil aige ar a bhfuil istigh ann. San ealaín ní fírinne go fírinne na caolchúise dothuigthe ach an fhírinne is tabhachtaí a bhaineann leis an ealaín sa lá inniu níl sé deacair ar chor ar bith í a thuiscint: is ábhar tráchtála é an ealaín agus níl puinn suime ag na pátrúin go nochtar bonn an scéil.

Agus na healaíontóirí a bhíonn gníomhach i gcultúr an phobail? Fadó, fadó do chuir an dream siúd, a raibh fonn orthu sa ré sin a bheith de shíor ag dul i bhfíáin, gairm na réabhlóide amach. Anois is ag teannadh ar an gcéad milliún de bhreis a bhíonn siad agus a ndlíodóirí ar thóir chlann agus chlann clainne a seanlucht leanúna ag cur an dlí orthu mar gheall ar an gcóipcheart a bheith sáraithe acu san idirlíon - ar eagla nach mbainfeadh na seanréabhlóidithe an chéad mhilliún de bhreis sin amach.

Agus cad a bheadh le rá ag an dream úd - dá dtabharfaidís faoi ndeara é - ar an gcaoi ina bhfuil gnáthdaoine agus iad ag maireachtáil ar an ngannchuid de bharr na géirchéime? "Go n-ithe siad cáca!"

No comments:

Post a Comment