Saturday, August 29, 2009

Deimhnithe go hoifigiúil! Sin-seanmháthair le Gaeilge dhúchais.




Cé go bhfuil suim an phobail ina ghinealach fhéin ag fás le feadh tamaill anuas níl aon athrú tagtha ar an seanfhíoras gur leadránaí craobh ghinealaigh an fhir thall ná aon ní eile ar domhan.

Mar a fógraíodh sna meáin chuir an Chartlann Náisiúnta bunachar sonraí digiteach an daonáirimh 1911 ar fáil inné agus is féidir le gach duine dul i mbun taighde ann ar a chraobh ghinealaigh ach an nasc http://www.census.nationalarchives.ie/search/ a chliceáil agus an áis chuardaigh a úsáid.

Agus na daoine ag comhlánú na bhfoirmeacha i 1911 b'éigean dóibh ceist a fhreagairt mar gheall ar cé acu an raibh nó nach raibh an Ghaelainn ar a gcumas acu. Léiríonn freagraí na ceiste sin - a bheag nó a mhór de - staid na teanga agus dáileadh na gcainteoirí dúchais ar fud na gceantar ina raibh an teanga fós ar mharthain iontu sa bhliain 1911.

Le teann fiosrachta do dheineas mearthaighde beag ar na ceantair tuaithe thart timpeall ar Chluain Meala i ndeisceart Thiobrad Árainn agus thart timpeall ar Inis Caoin in iarthar Chorcaí.

Agus toradh an taighde bhig? I roinnt mhaith de na teaghlaigh sna ceantair úd bhí na seandaoine dátheangach nó bhí gach duine fiú sa teaghlach dátheangach. Pócaí teoranta a bhí i gceist, ar ndóigh, cé go raibh iarthar Chorcaí i bhfad níos láidre mar cheantar Gaelainne san am sin.

D'ainneoin go raibh gluaiseacht athbheochana na teanga ag múscailt mórtais cine agus teanga ag an am céanna bheinn muiníneach as beachtas mhórchuid na faisnéise. Bhí na cainteoirí dúchais braislithe nó cnuasaithe i bpócaí teoranta. Dá mba é mórtas teanga seachas cumas teanga ba chúis leis na freagraí bheadh patrún ní ba scaipthe ann.

Ba as Uí Bhreacáin in iarthar chontae an Chláir mo shin-seanmháthair agus ba gheall le Gaeltacht í an áit chéanna fós sa bhliain 1911. Tar éis a pósta bhí sí ina cónaí i bhfoisceacht cúpla míle ón Inis. Dúradh riamh gurbh cainteoir dúchais í agus tá an deimhniú oifigiúil ann anois!

(A mhuintir na Gaeltachta, nach truamhéalach an t-ainniseoir é an duine Galltachta agus sceitimíní air go raibh Gaeilge dhúchais ag ceann de na cian-ghlúine ;) )

1 comment:

  1. Ba thruamhéalaí an t-ainniseoir nach mbeadh áthas air...:-)

    ReplyDelete