Wednesday, October 7, 2009

Ar ámharaí an tsaoil...



Bhí grianghraf áirithe á lorg agam sa "chartlann" inniu nuair a tháinig mé ar an gceann seo a thóg mé uair éigin le linn an tsamhraidh i 2003. Is áras seanóirí é an foirgneamh bán ar bharr an phictiúir agus is leis an áras an gáirdín. An tréimhse úd bhíodh an radharc seo le feiscint ó mo láthair oibre.

Maidin amháin nuair a tháinig mé isteach bhí an méid thuas le feiscint ón bhfuinneog.

Tá blúirí bána de ábhar éigin a bhfuil smionagar déanta de ag an crann le feiscint i lár an ghrianghraif. Ach cén sórt crutha a bhí ar an ábhar bán úd sarar iompaíodh ina smionagar é? Má fhéachtar ar uachtar an ghrianghraif, tá nod le fáil ann.

Troscán gáirdín as plaisteach a bhí ann, tráth. Agus bhíodh sé de ghnás ag na seanóirí a bheith ina suí anseo amuigh san aer ó mhaidin go luí na gréine.

Chuir an grianghraf thuas dhá phíosa - A Aingeal ghil Dé (Aonghus) agus Eotanáis (Áine) - a léigh mé le déanaí i gcuimhne dom.

Is amhlaidh go raibh tamhan an chrainn lofa tríd is tríd agus níorbh iad na duilleoga a thit go talamh sa chás seo. Samhlaíodh dom ag an am gur mar fhathach tostach traochta ar thit an crann críon chun talaimh.

Ach fathach críonna a bhí ann freisin, dár ndóigh, mar ba i lár na hoíche ar thit sé. Agus níor gortaíodh aon duine.

Nó an é go raibh na hAingil Choimhdeachta ag déanamh ragoibre an oíche sin?

5 comments:

  1. Tá saileach shilte ollmhór sa chlós béal dorais. Lá ciúin amháin i lár an tsamhraidh thit craobh mhór, an-mhór, den chrann sin, gan rabhadh dá laghad, agus scrios an geata ag cúl an ghairdín a bhí díreach faoi. Bhí lucht oibre ag iompar píosaí coincréite tríd an ngeata céanna ar feadh cúpla uair an chloig an mhaidin sin. Thit an chraobh uair nó dhó ina dhiaidh sin.

    ReplyDelete
  2. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  3. Chonaic mé bainisteoir an árais an lá dár gcionn agus í ag iniúchadh na tubaiste-ar-dhóbair-gur-tharla-sí agus í ag déanamh a dícheall gotha aerach a chur uirthi féin.

    Is annamh a mbímid ag smaoineamh ar an mbaol a thagann go minic "ón ríocht thuas"; cibé acu an t-amhras nó an chinnteacht an polasaí is fearr chun a bheith ag plé leis. ;)

    ReplyDelete
  4. Cibé ríocht atá i gceannas, táim cinnte nach raibh an bás i ndán d'aon duine ach don chrann an lá sin...:-)

    ReplyDelete